Tá sé leagtha síos in Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil an ceart ag saoránaigh agus ag cónaitheoirí san Aontas Eorpach rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais.
I gCinneadh 2003/603 ó CESE luaitear na forálacha sonracha maidir le rochtain a fháil ar dhoiciméid an Choiste, i gcomhréir le Rialachán 1049/2001.
Conas is féidir le saoránach rochtain a fháil ar dhoiciméid CESE?
- Chruthaigh CESE an clár leictreonach doiciméad DM Search chun an rochtain ar dhoiciméid a éascú do shaoránaigh an Aontais.
- Tugann DM Search rochtain dhíreach ar dhoiciméid CESE.
- Is féidir rochtain dhíreach a fháil ar na doiciméid i bhformáid leictreonach.
- Ní gá íoc as an tseirbhís sin agus ní theastaíonn aon chúis ar leith ó dhuine le doiciméad a iarraidh.
Cad a tharlaíonn mura féidir doiciméad a aimsiú nó a cheadú in DM Search?
- Doiciméid nach féidir a aimsiú nó a cheadú in DM Search, is féidir iad a fháil arna iarraidh sin duit. Is gá iarratas a sheoladh chuig CESE tríd an bhfoirm thíos.
Má dhéantar amhlaidh, cá fhad a thógfaidh sé freagra a fháil?
- Tar éis dó an t-iarratas a chlárú, déanfaidh CESE é a mheas agus tabharfaidh sé freagra air laistigh de 15 lá oibre ar a mhéad. I gcásanna eisceachtúla, is féidir síneadh 15 lá oibre eile a chur leis an tréimhse sin.
Conas a dhéanfar na sonraí a thugtar ar an bhfoirm a phróiseáil?
- Is é Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 an dlí atá i bhfeidhm maidir le próiseáil na sonraí pearsanta sin a bhailítear ar an bhfoirm.
- Sa ráiteas príobháideachais (féach thíos na naisc leis an ráiteas sna teangacha oifigiúla uile) tugtar an fhaisnéis agus na sonraí go léir maidir leis an gcaoi a láimhseálann an Coiste sonraí pearsanta.