Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT)

Bíonn an Rannóg um an Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas (INT) ag plé le réimse mór beartas a bhaineann le tionsclaíocht, iomaíocht, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), fiontair an gheilleagair shóisialta agus an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach. Agus a cuid tuairimí á n-ullmhú aici, díríonn an Rannóg ar théamaí amhail taighde agus nuálaíocht, cosaint tomhaltóirí, samhlacha eacnamaíocha atá ag teacht chun cinn – cuir i gcás an geilleagar ciorclach (tá ról an-ghníomhach ag an Rannóg in Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (ECESP)) – nó beartais a bhaineann leis an Margadh Aonair go ginearálta.

D'fhonn dul i gcomhairle leis an raon is leithne is féidir d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta, déanann an rannóg éisteachtaí poiblí a reáchtáil maidir le saincheisteanna atá thar a bheith tábhachtach don mhargadh aonair. Ar an gcaoi sin, gach bliain ó bhí 1999 ann, eagraíonn an Rannóg Lá Eorpach na dTomhaltóirí, ceann d'imeachtaí suaitheanta an Choiste.

Faireachlann um an Aistriú Digiteach agus an Margadh Aonair ag an Rannóg, a bhfuil sé de chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar fhorás an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, agus réitigh a mholadh chun deireadh a chur leis na bacainní ar dhul chun cinn an mhargaidh sin nó chun feabhas a chur ar a fheidhmiú.

Downloads

INT Section priorities 2023-2025
End of mandate 2020-2023 – Alain Coheur, INT Section president
Activity report 2020-2023 – Louise Grabo, President of the Observatory of the Digital Transition and the Single Market