An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT)

Tá an Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) freagrach as réimse leathan saincheisteanna, mar shampla an comhbheartas talmhaíochta (CBT), inbhuanaitheacht bia, cosaint an chomhshaoil, an geilleagar ciorclach, cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe agus an t-athrú aeráide.

I measc na n-ábhar sonrach ar a mbímid ag obair tá cáilíocht an aeir, bithéagsúlacht, bainistiú dramhaíola, an t-iascach, foraoiseacht, feirmeoireacht orgánach, sábháilteacht bia, leas ainmhithe agus cosaint shibhialta.

Sa bhreis ar na tuairimí a eisíonn sí, déanann an Rannóg éisteachtaí agus comhdhálacha iomadúla a reáchtáil chun barúlacha na sochaí sibhialta a bhailiú. Tá tarraingt aici ar líonra mór teagmhálaithe laistigh dóibh seo a leanas: institiúidí an Aontais Eorpaigh, údaráis náisiúnta, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Táimid suite de go bhféadfadh beartais talmhaíochta agus comhshaoil níos fearr cuidiú linn teacht ar réitigh ar an ngéarchéim eacnamaíoch a raibh tionchar chomh díobhálach sin aici ar an bhfás, an fhostaíocht agus an chumhacht ceannaigh san Eoraip.

Ní foláir dúinn na 40 milliún post in earnáil na talmhaíochta a chosaint, ár bhforaoisí agus ár gceantair thuaithe a chaomhnú, agus cur amú bia a laghdú ós rud é go gcaitear an tríú cuid den mhéid a tháirgimid sa bhosca bruscair.

I bhfianaise na sprice sin, baineann an obair is déanaí atá déanta ag an Rannóg le habhair phraiticiúla, cuir i gcás athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta, forbairt chríochach chothromúil, córais bia inbhuanaithe, cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus an t-aistriú chuig todhchaí don Eoraip atá níos inbhuanaithe.

Downloads

NAT work programme 2023-2025
End of mandate report 2020-2023 NAT section
NAT secretariat – organigram 2023