Tionscnamh ó na Saoránaigh

Ón 1 Aibreán 2012 ar aghaidh, tá ceart nua ag saoránaigh na hEorpa, ceart a fhágann gur treise an guth atá anois acu, is é sin an Tionscnamh ó na Saoránaigh. Ach milliún síniú a bhailiú ar fud na hEorpa, is féidir le saoránaigh na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh nó an reachtaíocht atá i bhfeidhm san Aontas cheana a athrú.

Ina cháil mar chosantóir chearta rannpháirtíochta na saoránach agus mar ghuth na sochaí sibhialta, thacaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ón tús leis an smaoineamh Tionscnamh ó na Saoránaigh a chur ar bun agus throid sé ar son sraith de rialacha intuigthe a bheith ann, mar atá leagtha síos sa dá thuairim a ghlac sé maidir leis an Tionscnamh.

I mbeagán focal, feictear don Choiste go bhfuil dhá ghné sa ról aige:

  • An Coiste mar éascaitheoir: nuair atá tionscnamh á phleanáil nó ag dul chun cinn, tá an Coiste – ina cháil mar ardán le haghaidh idirphlé agus faisnéise – tá sé réidh chun gníomhú mar éascaitheoir a chuirfidh ar chumas eagraithe na dTionscnamh ó na Saoránaigh líonrú a dhéanamh agus, b’fhéidir, teacht i gceann a chéile, etc.
  • An Coiste mar mheantóir institiúideach: cuireann an Coiste tacaíocht ar fáil don Choimisiún trí thuairim a eisiúint a chuideoidh leis agus é i mbun meastóireacht ar na tionscnaimh d'fhonn ceann rathúil a roghnú. Oibríonn CESE i gcomhar leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa freisin chun éisteachtaí a reáchtáil maidir leis na tionscnaimh rathúla sin.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin Tionscnamh ó na Saoránaigh, ach teagmháil a dhéanamh le  citizensinitiative

Downloads

European Democracy Passport