Beartas Comhtháthaithe, Réigiúnach agus Uirbeach

Is é beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh príomhbheartas infheistíochta an Aontais. Díríonn sé ar na réigiúin agus na cathracha uile san Aontas Eorpach chun tacú le cruthú post, iomaíochas gnó, fás eacnamaíoch, forbairt inbhuanaithe agus chun feabhas a chur ar mhianach saoil na saoránach.

D'fhonn na spriocanna sin a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha éagsúla i réigiúin uile an Aontais Eorpaigh, tá EUR 351.8 billiún – trian de bhuiséad iomlán an Aontais nach mór – curtha i leataobh le haghaidh Bheartas Comhtháthaithe 2014-2020. Is bunphrionsabal de chuid an Aontais í an dlúthpháirtíocht, agus is é an beartas réigiúnach a chuireann i ngníomh í, go háirithe i réigiúin atá tite ar gcúl, atá thíos le bacainní troma deimeagrafacha nó atá ar chaolchuid deiseanna go geografach, amhail oileáin agus réigiúin trasteorann agus réigiúin shléibhtiúla. Cumhdaíonn an beartas réigiúnach agus comhtháthaithe freisin na réigiúin is forimeallaí agus na ceantair uirbeacha.

CESE agus an Beartas Réigiúnach agus Uirbeach

Tacaíonn CESE le hiarrachtaí bheartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh chun an dlúthpháirtíocht a threisiú agus an fhorbairt a chur chun cinn. Tá béim leagtha riamh anall aige ina thuairimí ar ról gníomhach an bheartais chun an comhtháthú a neartú i measc réigiúin éagsúla an Aontais Eorpaigh. Tá CESE go mór i bhfabhar phrionsabal na comhpháirtíochta agus cuidíonn sé lena chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é. Sa bhreis ar a chuid tuairimí, bíonn CESE, trína chuid comhaltaí, réamhghníomhach san idirphlé agus tacaíonn sé le gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta. Tá an-spéis léirithe aige freisin i dtreisiú an chomhair chríochaigh, rud a théann níos faide ná na teorainneacha riaracháin agus a dhíríonn ar na fíor-riachtanais ar an leibhéal áitiúil (amhail i limistéir mhacréigiúnacha agus i limistéir uirbeacha fheidhmiúla. Rinne CESE achainí go mbeadh tionscnaimh Eorpacha ann i bhfabhar forbairt agus comhtháthú limistéar uirbeach ar fud an Aontais Eorpaigh agus thacaigh sé go gníomhach leis na tionscnaimh sin.