Caidreamh le Comhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Náisiúnta an Aontais Eorpaigh

Stiúrann CESE líonra de chomhairlí eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta (CESanna), arb ionann misean agus tasc dóibh agus do CESE: cuidíonn siad ar fad le muinín a chothú idir na saoránaigh agus na húdaráis phoiblí. I bhformhór na 27 mBallstát, tá comhairle eacnamaíoch agus shóisialta náisiúnta ann a chinntíonn rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí eacnamaíocha agus sóisialta sa chinnteoireacht phoiblí.

Tá “Cruinnithe bliantúla neamhfhoirmiúla d’Uachtaráin agus d’Ardrúnaithe CESanna an Aontais Eorpaigh agus CESE” ina bpríomhcholún den chomhar fadtéarmach struchtúrtha seo. Díríonn siad ar thuairimí a mhalartú maidir le comhdhéanamh, oibriú agus obair leanúnach na n-institiúidí faoi seach agus ar leas a bhaint as dea-chleachtais chomh maith le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tráthúla Eorpacha agus ar ábhair a chumhdaíonn na CESanna uile.

I bhfianaise lánpháirtiú na hEorpa atá ar siúl faoi láthair, an chlaochlaithe theicneolaíoch agus an domhandaithe atá ag síormhéadú, tá géarghá, murab ionann is riamh, le comhar níos sonraí atá dírithe ar mhórcheisteanna Eorpacha reatha. Sa lá atá inniu ann, eisítear dearbhú comhpháirteach, de ghnáth, ag deireadh chruinniú bliantúil na n-uachtarán agus na n-ardrúnaithe, dearbhú ina mbíonn comhairlí agus moltaí nithiúla maidir le beartais an Aontais Eorpaigh dírithe ar uachtaráin na n-institiúidí Eorpacha.

Go praiticiúil, tarlaíonn an comhar laistigh den Ghrúpa um an Seimeastar Eorpach in CESE, trí chomhdhálacha agus seimineáir chomhpháirteacha rialta a bhaineann le saincheisteanna tráthúla agus tríd an tairseach chomhpháirteach CESlink.

Cé go bhfuil éagsúlacht mhór idir struchtúr eagrúcháin, comhdhéanamh agus modhanna oibre na CESanna náisiúnta, is bealach an-éifeachtach é an comhar a dhéanann siad le CESE chun “clár oibre na Bruiséile” a thabhairt níos gaire do shaoránaigh na hEorpa agus chun ról níos fearr a thabhairt don tsochaí shibhialta i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.

Is í an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) in CESE a dhéanann faireachán ar an gcaidreamh agus ar an idirphlé le CESanna i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Oibríonn Rannóg REX i gcomhar le tíortha ACC (Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin), tíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, na Stáit Aontaithe, Ceanada, comhpháirtithe Eora-Mheánmhara, an Úcráin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Tuirc, na Balcáin Thiar, an Rúis, an tSín, an tSeapáin agus an Chóiré. Le linn Chruinnithe Mullaigh Euromed, a thionóltar uair sa bhliain, tugtar le chéile comhairlí éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta nó institiúidí comhchosúla, ionadaithe fostóirí, ceardchumainn, grúpaí leasmhara eacnamaíocha agus sóisialta eile agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ó thíortha ar baill den Aontas don Réigiún Meánmhuirí iad.