CÁNACHAS

Is é cuspóir bunaidh an chánachais ná ioncam a ghiniúint le haghaidh rialtas, ach tá tionchar aige ar phríomhréimsí beartais eile freisin, amhail an iomaíocht, an fhostaíocht agus an infheistíocht.

Bailítear cánacha ó dhaoine aonair agus ó chuideachtaí agus toibhítear cánacha ar ioncam, tomhaltas, rachmas, sealúchas nó ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe. Is cion inphionóis faoin dlí é an neamhchomhlíonadh.

Is uirlis luachmhar do na húdaráis phoiblí é an cánachas mar is féidir é a úsáid chun tionchar a imirt ar iompar gníomhaithe eacnamaíocha. Dá bhrí sin, cosnaíonn na Ballstáit a gcuid sainphribhléidí sa réimse seo, rud a fhágann go bhfuil comhchuibhiú an Aontais Eorpaigh níos deacra. Ba cheart cuimhneamh air go bhfuil gá le haontoilíocht sa Chomhairle i gcás na reachtaíochta Eorpaí uile maidir le cánachas.

I ngeall ar thionchar leathan réimse an chánachais, coimeádann na Ballstáit bearta cánach áirithe ar chúiseanna iomaíochais ó am go chéile, cé go n-aithnítear go forleathan go ndéanann na bearta sin dochar don Aontas Eorpach ina iomláine.

CESE agus an Cánachas

Tá sé maíte ag CESE go ndéanann na Ballstáit gannmheastachán ar an méid comhchuibhithe cánach atá de dhíth má tá aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta le feidhmiú go héifeachtúil agus go bhfuil gá le níos mó dul chun cinn a dhéanamh. Tá CESE i bhfách tuilleadh comhchuibhithe agus ailínithe, rud a chuirfeadh deireadh le bacainní cánach ar thrádáil trasteorann sa Mhargadh Inmheánach. Tá gá le tuilleadh comhair ar bhonn níos leithne idir na Ballstáit chun srian a chur le calaois chánach agus le himghabháil cánach, lena n-áirítear pleanáil ionsaitheach cánach. I dtaca le cánacha indíreacha tacaíonn CESE le limistéar CBL Eorpach aonair láidir a chruthú.