Laethanta na Sochaí Sibhialta

Is trí Laethanta na Sochaí Sibhialta a dhéantar ceiliúradh ar an gcomhar idir CESE agus comhaltaí an Ghrúpa Idirchaidrimh a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip.

A bhuí leis an tionscnamh seo is féidir leis an gCoiste é féin a chur in iúl mar chomhpháirtí speisialta do na heagraíochtaí agus na líonraí sin maidir le saincheisteanna leasa choitinn amhail an 't-idirphlé agus rannpháirtíocht' i bhfianaise Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Tá sé d'aidhm ag an tionscnamh freisin cur le breisluach an idirphlé pholaitiúil idir an Coiste agus eagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip ionas go mbeidh fíor-agallamh struchtúrtha ann idir na heagraíochtaí agus líonraí sin agus na hinstitiúidí Eorpacha.

Is éard is cuspóir foriomlán do Laethanta na Sochaí Sibhialta, dá bhrí sin, ná aird a tharraingt ar an gcaoi a bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag cuidiú le hAontas Eorpach a thógáil, ar Aontas é atá i dtiúin níos mó ná riamh le mianta na saoránach.

Ina cheann sin, cuireann siad ar a gcumas do na heagraíochtaí thuasluaite dearbhú a dhéanamh ar an ról atá acu i dtaca leis an tsochaí shibhialta a dhéanamh níos rannpháirtí sa tionscadal Eorpach ar an uile leibhéal, rud a mhéadaíonn dlisteanacht dhaonlathach ghníomhaíocht agus institiúidí an Aontais Eorpaigh chomh maith leis an daonlathas ionadaíoch a mhéadú.