Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta

Toisc go bhfuil Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (Grúpa III) ann in éineacht le Grúpa na bhFostóirí agus Grúpa na nOibrithe, cinntítear gur fórsa dinimiciúil é an Coiste atá cumhachtaithe chun na hábhair is imní do na heagraíochtaí éagsúla eacnamaíocha, sóisialta, gairme agus sibhialta dá bhfuil an tsochaí shibhialta sna Ballstáit comhdhéanta, a chur in iúl go láidir.

Ag luí leis na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tá Grúpa III comhdhéanta ‘d’ionadaithe agus geallsealbhóirí eile na sochaí sibhialta, go háirithe sna réimsí eacnamaíocha, cathartha, gairmiúla agus cultúrtha.’

Is é an ghné ar leith a chruthaíonn céannacht Ghrúpa III ná an réimse leathan earnálacha a ndéantar ionadaíocht thar a gceann ann. Roghnaítear a chuid comhaltaí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na réimsí seo a leanas:

  • An lucht acadúil (eolaithe nádúrtha, eacnamaithe, socheolaithe, etc.)
  • Rannpháirtíocht agus Cumhachtú na Saoránach
  • Forbairt na Sochaí Sibhialta
  • Tomhaltóirí
  • Comhshaol, Oidhreacht agus Forbairt Inbhuanaithe
  • Feirmeoireacht, Iascach agus Pobail Chósta, Foraoiseacht
  • Cosaint chearta an duine (saincheisteanna a bhaineann le leanaí, daoine scothaosta, teaghlaigh, comhionannas inscne, grúpaí imeallaithe agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, imircigh agus dídeanaithe, mionlaigh, daoine faoi mhíchumas, mná agus daoine óga)
  • Saorghairmeacha (dlíodóirí, dochtúirí, innealtóirí, etc.)
  • Micrifhiontair, Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus earnáil na Ceardaíochta
  • An Geilleagar Sóisialta (carthanais, comharchumainn, fondúireachtaí, cumainn fhrithpháirteacha agus fiontair shóisialta)

Is é is aidhm fhoriomlán do Ghrúpa III an daonlathas rannpháirtíochta a neartú i ndáiríre ar fud an Aontais Eorpaigh agus a chinntiú go léireofar leasanna mhuintir uile na hEorpa i dtuairimí CESE maidir le tograí reachtacha ón Aontas. Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí Ghrúpa III bunaithe ar thrí cholún:

  • Éagsúlacht sa daonlathas
  • Comhdhearcadh a chothú
  • Rannpháirtíocht shibhialta Eorpach – gníomhaíocht áitiúil

Le linn Uachtaránacht 2020-2025, beidh obair an Ghrúpa dírithe ar ‘an Bhochtaineacht agus ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun í a leigheas’.

Downloads

2024 WORK PROGRAMME OF THE CIVIL SOCIETY ORGANISATIONS’ GROUP (Subject to review according to developments during the year)