Caidreamh Seachtrach

Méadú/comharsana an Aontais Eorpaigh

Tá ról fíorthábhachtach ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i dtaca le líonra nasc a chruthú idir an tsochaí shibhialta san Aontas agus a chuid comhpháirtithe sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha comharsanachta. Tugaimid tacaíocht do rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta i bpróiseas an mhéadaithe agus i gcur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcomhar le tíortha comharsanachta lastoir den Aontas Eorpach agus sa Mheánmhuir Theas.

I dteannta ár gcomhpháirtithe ón Eilvéis, ón Íoslainn, ón Iorua agus ó Lichtinstéin, cinntímid go ndéantar monatóireacht rialta ar fheidhmiú Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSE) agus ar fheidhmiú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

Baineann gníomhaíocht sheachtrach an Choiste san Eoraip agus in Imchuach na Meánmhara leis na ceithre phríomhréimse seo:

  • Méadú
  • Tíortha comharsanachta in Oirthear na hEorpa, an Rúis san áireamh
  • Tíortha comharsanachta i nDeisceart na hEorpa - Euromed
  • An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

An chuid eile den domhan

In imeacht na mblianta neartaíodh an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach, an Áise agus na tíortha ACC (tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin). Faoin gcaidreamh sin cumhdaítear réimsí éagsúla amhail an t-idirphlé polaitiúil, an trádáil, an comhar um fhorbairt agus an taighde.

Agus é de chúram uirthi ionadaíocht a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta eagraithe san Aontas Eorpach, tá an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) rannpháirteach go gníomhach ag iarraidh naisc eacnamaíocha, pholaitiúla agus shóisialta a chruthú leis na trí réigiún sin.