Forbairt inbhuanaithe

I Meán Fómhair 2015, ghlac ceannairí domhanda "I mBun Athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe", clár oibre de chuid na Náisiún Aontaithe, lena mbunaítear tacar de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) arb é is aidhm dóibh deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint, cosaint chearta an duine a áirithiú agus rathúnas do chách a ráthú. Nuair a glacadh an clár oibre seo cuireadh tús le ré nua ina bhfuiltear ag druidim i dtreo múnla nua trí aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ar dhóigh uilíoch chomhtháite. Is léiriú iomlán é an próiseas seo ar na luachanna Eorpacha seo a leanas: an ceartas sóisialta, an rialachas daonlathach, an geilleagar sóisialta margaidh agus cosaint an chomhshaoil.

Tríd an bhFaireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe (FFI), is éard atáimid ag iarraidh a chur chun cinn ná Eoraip atá in ann ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla ar bhonn domhanda agus í ag cloí go hiomlán le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus á chur chun feidhme.

Go háirithe d'aithníomar na príomhréimsí beartais seo a leanas a bhfuil mórthábhacht leo i dtaca le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe san Aontas Eorpach:

  • aistriú cothrom chuig geilleagar ciorclach, ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní;
  • aistriú chuig sochaí agus geilleagar a bheidh cuimsitheach ar bhonn sóisialta – obair chuibhiúil agus cearta an duine;
  • aistriú chuig táirgeadh agus tomhaltas bia inbhuanaithe;
  • infheistiú a dhéanamh sa nuálaíocht agus i nuachóiriú fadtéarmach an bhonneagair agus spreagadh a thabhairt do ghnólachtaí inbhuanaithe;
  • an trádáil a chur chun fónaimh don fhorbairt inbhuanaithe dhomhanda.

Tá aghaidh á tabhairt ag an bhFaireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe ar na haistrithe sin go léir ar dhóigh chomhsheasmhach chomhtháite d'fhonn na sochair don tsochaí a bharrfheabhsú.