Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO)

Is ceann de na sé rannóg atá ag CESE í An Rannóg um Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus um Chomhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta (ECO). Is é príomhchúram na rannóige tuairimí a tharraingt suas agus a mholadh lena nglacadh ag tionól iomlánach CESE, ar tuairimí iad a léiríonn barúlacha na sochaí sibhialta eagraithe sna réimsí seo a leanas de cheapadh beartas an Aontais Eorpaigh:

  • I réimse an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) cumhdaíonn rannóg ECO comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fioscach laistigh den Seimeastar Eorpach, tionscnaimh chun ailtireacht an Aontais sin a dhoimhniú agus a chomhlánú tar éis na géarchéime eacnamaíche, agus saincheisteanna eile a bhaineann le rialachas eacnamaíoch, d'fhonn an chobhsaíocht, an fás agus an fhostaíocht a chinntiú.
  • Tá buiséad an Aontais (an Creat Airgeadais Ilbhliantúil) faoi shainchúram rannóg ECO, lena n-áirítear acmhainní dílse agus ceisteanna staidrimh.
  • Is faoi chúram rannóg ECO atá sé déileáil le hábhair a bhaineann le córas cánach cothrom agus éifeachtúil, lena n-áirítear beartais frithsciúrtha airgid.
  • Díríonn sí, ina theannta sin, ar shaincheisteanna maidir leis an gcobhsaíocht agus le feidhmiú agus comhtháthú na margaí airgeadais agus caipitil.
  • Faoina sainchúram freisin tá an comhtháthú, ábhair beartais réigiúnacha agus uirbeacha arb é is aidhm dóibh éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha san Aontas a laghdú agus an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn.

Sa bhreis ar thuairimí a tharraingt suas, déanann an rannóg éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí téamacha a reáchtáil go rialta maidir le ceisteanna na huaire atá faoina raon inniúlachta. Ina theannta sin, glacann comhaltaí rannóg ECO páirt go minic in imeachtaí éagsúla sa Bhruiséil agus ar fud an Aontais Eorpaigh, agus dá thoradh sin bíonn dlúthchaidreamh idir cinnteoirí agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

Tá Biúró ECO comhdhéanta de dháréag comhaltaí rannóige, agus tá sé freagrach as comhordú obair na rannóige. Tá grúpa staidéir téamach curtha ar bun ag an rannóg chun tuairimí sonracha maidir le rialachas eacnamaíoch agus fioscach an limistéir euro a tharraingt suas.

Tacaíonn rúnaíocht ECO le gníomhaíochtaí chomhaltaí rannóg ECO.

Downloads

ECO priorities for 2023 and beyond
End of mandate report 2020–2023 – Stefano Palmieri, ECO section president