Seirbhísí Airgeadais agus Margaí Caipitil

D'fhreagair an tAontas Eorpach don ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais a thosaigh in 2008 trí shraith athchóirithe chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a chinntiú agus chun cur le maoirsiú na margaí airgeadais. Tá sé mar phríomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach borradh a chur faoi chruthú post, fás agus infheistíocht. Tá sé fíor-riachtanach, ar an ábhar sin, bunús fónta a chruthú le haghaidh córas airgeadais don Aontas Eorpach a chothóidh fás, poist agus infheistíocht. Ní mór don earnáil airgeadais a ról a chomhlíonadh i dtaca le maoiniú an fhíorgheilleagair.

Príomhthionscnamh chun an sprioc sin a bhaint amach is ea cruthú Aontais Margaí Caipitil arb é is aidhm dó a chinntiú go mbeidh margaí airgeadais ann a bheidh dea-rialaithe, cobhsaí, éifeachtúil agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda, ar mhaithe le gnólachtaí agus tomhaltóirí. Tá sé tábhachtach freisin an tAontas Baincéireachta a chomhlánú mar chuid den phróiseas chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú d'fhonn cur le hathléimneacht an Aontais Eorpaigh i gcoinne géarchéimeanna airgeadais agus chun taisceoirí a chosaint.

CESE, na Seirbhísí Airgeadais agus na Margaí Caipitil

Measann CESE gur den tábhacht é cur chuige comhchuibhithe, iomlánaíoch agus comhtháite a bheith ann agus an earnáil airgeadais á rialáil chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann i measc na n-institiúidí airgeadais agus na mBallstát araon, agus chun rioscaí san earnáil airgeadais a laghdú chomh maith. Ní mór do na bearta maidir le hathchóiriú chreat stuamachta agus réitigh na hEorpa a neartú le haghaidh na mbanc agus gníomhaithe airgeadais eile. Ní foláir rioscaí a laghdú a thuilleadh san Aontas Baincéireachta mar aon le rioscaí a chomhroinnt a thuilleadh. Tá CESE den tuairim dhiongbháilte go bhféadfaidh Aontas na Margaí Caipitil rannchuidiú go héifeachtach le téarnamh eacnamaíoch láidir agus cobhsaí a chothú i dtimpeallacht rialála níos aontaithe.