An margadh aonair

D'ainneoin go bhfuil an margadh aonair ar cheann d'éachtaí móra an Aontais Eorpaigh, tá roinnt áirithe bacainní le sárú aige fós. Ón uair a lainseáladh an margadh aonair in 1992, tá dlúthbhaint ag CESE leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun a chinntiú go mbeidh sé lánfheidhmiúil ar mhaithe le sochaí na hEorpa.

Is tríd an margadh aonair digiteach, ceann de na buanna is nithiúla den tionscadal Eorpach, is féidir an nasc idir na saoránaigh agus an tAontas Eorpach a athbhunú, a bhuí leis an margadh trasteorann leanúnach ar líne atá cruthaithe dá bharr.