Oideachas agus oiliúint

Tá tábhacht thar na bearta ag an oideachas agus an oiliúint do thodhchaí na hEorpa. Sin é an fáth ar chinn an tAontas Eorpach "an ceart chun oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach a fháil" a bheith mar an chéad phrionsabal mórthábhachta i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is éard atá i gceist leis an oideachas agus an oiliúint thar aon ní eile ná saoránaigh Eorpacha an lae amárach a ullmhú le bheith ar an eolas faoi na freagrachtaí atá orthu i sochaí ilchultúrtha chuimsitheach agus le bheith lán-inniúil ar chur le geilleagar Eorpach iomaíoch. Ós rud é gur gá sa tsochaí seo aghaidh a thabhairt go pras ar dhúshláin nua, cuir i gcás úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta a dhéanann difear don uile chineál poist agus tionscail, is ábhar tosaíochta nua í an fhoghlaim ar feadh an tsaoil toisc go bhféadfadh sí a chur ar chumas fostóirí agus fostaithe freagairt ar dhóigh rathúil d’fhíorstaid an mhargaidh agus ar chumas daoine dífhostaithe uas-sciliú nó scileanna nua a fhoghlaim chun gur féidir leo filleadh ar an lucht saothair. Tá sé sin fíorthábhachtach i gcás daoine ó ghrúpaí sóisialta leochaileacha mar shampla daoine scothaosta agus daoine a bhfuil scileanna ísle acu.

Tá an uile Bhallstát freagrach as a chórais oideachais agus oiliúna féin agus, os a choinne sin, tá sé d'inniúlacht ag an Aontas Eorpach gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le tionscnaimh amhail Erasmus+, a chuireann tacaíocht ar fáil le haghaidh raidhse mhór tionscadal, agus an Clár Oibre Nua Scileanna, a chuidíonn le daoine poist ardcháilíochta a aimsiú agus cur lena ndeiseanna sa saol, nó chun na tionscnaimh sin a chomhordú nó a fhorlíonadh.

Sna tuairimí agus sna tuarascálacha faisnéise a d'eisigh CESE ar na hábhair sin, chosain sé an ceart chun oideachas ar ardchaighdeán, printíseachtaí agus tréimhsí oiliúna a fháil mar aon le deiseanna cothroma a fháil i margadh cuimsitheach saothair.