Catagóir ‘Saol na gCumann’

Tá an Chatagóir ‘Saol na gCumann’ comhdhéanta de chomhaltaí atá páirteach in eagraíochtaí ‘saol na gcumann’ náisiúnta nó Eorpacha agus a dhéanann ionadaíocht ar fhondúireachtaí, comhlachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó cineálacha eile eagraíochtaí, a bhfuil sé d’aidhm acu an smacht reachta agus saorghluaiseacht daoine agus earraí a chur chun cinn, mar aon le saoirsí sibhialta agus cearta an duine a chosaint. Tá an tsaoirse comhlachais faoi bhagairt ar na saolta seo, agus, ina theannta sin, is mithid d’eagraíochtaí ‘saol na gcumann’ dlús a chur lena gcuid iarrachtaí an tsaoirse agus an neamhspleáchas atá acu a chaomhnú. Ina fhianaise sin, tá sé curtha rompu ag comhaltaí na catagóire seo ábhar machnaimh a mholadh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maille le beartais phoiblí atá dírithe ar bhorradh a chur faoin tsochaí shibhialta Eorpach athuair.

Mar is léir ar an téarma Fraincise a thugtar ar ‘shaol na gcumann’, mar atá ‘la vie associative’, tá ról le himirt ag na comhlachtaí idirghabhála mar idirghabhálaí idir daoine aonair agus an stát agus is orthu atá sé freisin an leas coiteann chomh maith leis an urraim fhrithpháirteach agus an t-altrúchas a chosaint. Dhá luach ríthábhachtacha iad na cinn dheireanacha sin agus comhthoradh orthu is ea an t-iolrachas agus an sochar sóisialta.

Is léiriú iad eagraíochtaí ‘saol na gcumann’ ar na leasanna agus féiniúlachtaí an-éagsúil atá le sonrú i sochaí an lae inniu. Is é an misean atá acu an bealach a réiteach chun na dálaí is gá a chothú le haghaidh idirphlé sibhialta fiúntach. I ngeall ar an méadú atá ag teacht ar an éadulaingt, an éagóir shóisialta agus dul ar gcúl na spásanna atá dírithe ar na saoránaigh, gan trácht ar an ngruaim a leanann na nithe sin, is geall le léas beag dóchais dúinn an seans seo chun an tsochaí shibhialta a threisiú.

Is é Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (Grúpa III) a chuireann an rúnaíocht ar fáil don chatagóir seo.