Seirbhísí Leasa Ghinearálta

Is colún tacaíochta den tsamhail shóisialta Eorpach agus de gheilleagar sóisialta margaidh iad na Seirbhísí Leasa Ghinearálta.

Áirítear orthu sin réimsí cosúil le tithíocht, soláthar uisce agus fuinnimh, diúscairt dramhaíola agus séarachais, iompar poiblí, sláinte, seirbhísí sóisialta, daoine óga agus teaghlaigh, cultúr agus cumarsáid sa tsochaí, lena n-áirítear craoladh, idirlíon agus teileafónaíocht.

Cuidíonn na Seirbhísí Leasa Ghinearálta le daoine a saol a chaitheamh faoi dhínit agus cinntíonn siad go bhfuil ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí atá fíor-riachtanach. Cinntíonn siad an ceartas, an comhtháthú sóisialta agus an lánpháirtiú sóisialta agus déanann siad a gcion féin chun a chinntiú go gcuirtear cóir chomhionann ar shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh.

Is gné lárnach iad de chur chun cinn an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh agus na forbartha inbhuanaithe.

Feidhmíonn na seirbhísí sin freisin mar bheadh sciath chosanta i gcoinne na n-iarmhairtí sóisialta agus réigiúnacha is díobhálaí dá bhfuil ann, óir tá d’aidhm leo rochtain uilíoch ar earraí agus seirbhísí riachtanacha a chinntiú agus cearta bunúsacha a ráthú.

Bhunaigh CESE Grúpa Staidéir Téamach um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta a bhfuil sé de chúram air measúnú a dhéanamh ar ábhair imní agus tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe san Eoraip a chur chun cinn chomh fada agus a bhaineann leis na seirbhísí seo.

Is é an aidhm uileghabhálach atá leis ná a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh uile na hEorpa ar sheirbhísí leasa ghinearálta ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta.