Catagóir an Iompair

"Iompar, cónascadh na hEorpa"

Is é príomhaidhm Chatagóir an Iompair, ná, feidhmiú mar fhóram plé agus foghlama le haghaidh chomhaltaí uile CESE ar spéis leo saincheisteanna iompair. Iarrtar ar gach gníomhaí agus geallsealbhóir a mbaineann an "slabhra iompair" leo a bheith rannpháirteach agus a dtaithí a roinnt lena gcomhghleacaithe. Ar an gcaoi sin, tugann an chatagóir seo gné eile do na pléití a tharlaíonn laistigh de chomhlachtaí éagsúla CESE. De ghnáth, tagann Catagóir an Iompair le chéile tar éis gach cruinniú rannóige den Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh agus chun aon sainchomhaid ríthábhachtacha a cuireadh faoi bhráid na rannóige a phlé. Sa bhreis air sin, reáchtálann Catagóir an Iompair trí chruinniú urghnácha in aghaidh na bliana, ina ndírítear ar théamaí sonracha. Ina theannta sin, coimeádtar a cuid comhaltaí ar an eolas ar bhonn laethúil faoi na forbairtí agus na saincheisteanna a bhaineann le hiompar san Aontas. Tá an deis ag na comhaltaí freisin páirt a ghlacadh i gcuairteanna staidéir sonracha.