Iompar

Beartas dinimiciúil uaillmhianach

Tá earnáil an iompair ríthábhachtach don Eoraip. Tá sí ar cheann de na réimsí gníomhaíochta is tábhachtaí san Aontas Eorpach agus bíonn tionchar nach beag aici ar an bhfolláine shóisialta agus ar leas an chomhshaoil i gcathracha agus i gceantair thuaithe araon. Baineann líon mór de na tuairimí a eisíonn an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) gach bliain le réimse an iompair.

Má táthar chun dul chun cinn a dhéanamh in earnáil an iompair is léir gur gá bonneagar níos fearr agus níos glaise a thógáil, rud a chuirfidh borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus a chuirfidh leis an trádáil. Is gá freisin astaíochtaí CO2 agus an tomhaltas fuinnimh a laghdú, chomh maith le dul i ngleic le brú tráchta agus an easpa rochtana ar chórais iompair phoiblí, rud a fhágann daoine aonair scoite amach ina dtithe féin, go háirithe daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas. Ba cheart d’earnáil an iompair leanúint de bheith cliste agus iomaíoch mar chuid d’aistriú cothrom sóisialta i dtreo fuinneamh glan agus na digiteála. Déanann CESE beartais iompair an Aontais a scrúdú agus a mheas ó thaobh riachtanais agus leasanna uile na sochaí sibhialta san Eoraip ina hiomláine agus ó thaobh na n-ábhar imní atá aici.

Páirt a thabhairt do ghníomhaithe na sochaí sibhialta

Aithnítear gur gá don tsochaí shibhialta a bheith níos rannpháirtí agus níos cuimsithí i dtaca le ceapadh beartas agus cur chun feidhme na mbeartas sin má táthar chun a bhfuil curtha roimhe ag an Aontas Eorpach i réimse an iompair a bhaint amach. Tá grúpa staidéir téamach curtha ar bun ag Rannóg TEN chun ardleibhéal rannpháirtíochta i measc na sochaí shibhialta a chur chun cinn chomh fada leis na próisis cinnteoireachta a bhaineann le cúrsaí iompair.