Áirítear ar phríomhghníomhaíochtaí na Rannóige um Chaidreamh Seachtrach (REX) monatóireacht ar ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh trí idirphlé a dhéanamh le heagraíochtaí sochaí sibhialta i dtíortha lasmuigh den Aontas agus i réigiúin a bhfuil caidreamh foirmiúil ag an Aontas leo, go háirithe sna tíortha is iarrthóirí agus i dtíortha i gcomharsanacht an Aontais. Cloíonn an Rannóg le beartais trádála agus forbartha an Aontais ar bhonn gníomhach.
I dtaca le caidreamh seachtrach Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, is mar fhreagairt ar shainorduithe a fhaightear trí chomhaontuithe idirnáisiúnta atá sínithe ag an Aontas le tríú tíortha, nó trí chinntí a rinneadh ag cruinnithe mullaigh na gCeannairí Stáit a chothaítear é go príomha. Oibríonn Rannóg REX i gcomhar le tíortha ACC (Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin), tíortha i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, na Stáit Aontaithe, Ceanada, comhpháirtithe Eora-Mheánmhara, an Úcráin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Tuirc, na Balcáin Thiar, an Rúis, an tSín, an tSeapáin agus an Chóiré.