Comhaltaí agus Grúpaí

Tá CESE comhdhéanta de 329 gcomhalta, ó gach ceann de na Ballstáit, agus ceaptar iad le haghaidh téarma inathnuaite cúig bliana. Mairfidh an téarma oifige reatha ó mhí Dheireadh Fómhair 2015 go mí Mheán Fómhair 2020. Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann iad. Tá na comhaltaí sin neamhspleách agus comhlíonann siad a gcuid dualgas ar mhaithe le gach uile shaoránach den Aontas. Tá líon na gcomhaltaí in aghaidh gach tíre i gcomhréir le daonra na tíre sin.

Oibríonn na comhaltaí i dtrí ghrúpa, a dhéanann ionadaíocht ar ‘Fhostóirí’ (Grúpa I), ‘Oibrithe’ (Grúpa II) agus ‘Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta’ (feirmeoirí, na gairmeacha, agus tomhaltóirí srl. – Grúpa III). Tá a rúnaíocht féin ag gach grúpa. Is iad comhaltaí CESE iad féin a roghnaíonn an grúpa ar mian leo dul isteach ann.

Féadfaidh comhaltaí CESE, ar bhonn deonach, iad féin a roinnt de réir catagóirí freisin, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla na sochaí sibhialta eagraithe san Aontas agus atá comhdhéanta de chomhaltaí ó na trí ghrúpa.