An Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN)

Is den riachtanas an tsochaí faisnéise, earnáil an fhuinnimh agus seirbhísí leasa ghinearálta a fhorbairt de ghrá fholláine shaoránaigh na hEorpa agus ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh aonair, earnáil an iompair agus na ngréasán tras-Eorpach. Tá na réimsí uile sin de chúram ar an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN).

Na tuairimí a eisíonn sí, is toradh iad ar an dlúthchomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha eile, le geallsealbhóirí ábhartha agus leis na heagraíochtaí sin a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta a mbaineann na saincheisteanna sin leo.

Is trí na nithe seo a leanas a dhéanann Rannóg TEN a cuid oibre:

  • tuairimí: tá siad seo bunaithe ar anailís mhionsonraithe agus ar chur chuige atá dírithe ar an gcomhaontú a chothú. Ar an gcaoi sin, tá CESE ag cuidiú chun beartais na hEorpa a thabhairt i gcomhréir leis na hionchais atá ag sochaí shibhialta na hEorpa;
  • tuarascálacha tionscadail;
  • staidéir;
  • dlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún Eorpach, leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí sochaí sibhialta Eorpacha;
  • imeachtaí ar ábhair ghaolmhara a reáchtáil: éisteachtaí poiblí, comhdhálacha agus cruinnithe ina mbíonn saineolaithe, lucht ceaptha beartas, geallsealbhóirí agus an pobal i gcoitinne páirteach, agus
  • comhaltaí de Rannóg TEN a ghlacann páirt ghníomhach in imeachtaí tábhachtacha a dhéanann eagraíochtaí seachtracha a reáchtáil.

Chomh maith leis sin, tá Grúpa Staidéir Téamach um Fhuinneamh, Grúpa Staidéir Téamach um Iompar agus Grúpa Staidéir um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta mar chuid de Rannóg TEN agus é de chúram orthu monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus cur leis an díospóireacht sna réimsí beartais sin ar an leibhéal Eorpach.

Downloads

TEN Work Program 2024
TEN section - End of mandate 20-23 report