Catagóir FBManna, Ceardaíochta agus Gnólachtaí Teaghlaigh

Faoi láthair tá an Chatagóir FBManna, Ceardaíochta agus Gnólachtaí Teaghlaigh comhdhéanta de chomhaltaí den Choiste, atá cleamhnaithe le Grúpa na bhFostóirí agus an Grúpa Éagsúlacht Eoraip.

Is é Grúpa na bhFostóirí a chuireann rúnaíocht na catagóire ar fáil.

Tosaíochtaí:

Is é sprioc uileghabhálach na catagóire, ná, monatóireacht a dhéanamh ar gach gné a bhaineann le beartas FBM, agus béim ar leith á leagan ar shainriachtanais na ceardaíochta agus na ngnólachtaí teaghlaigh. Teastaíonn uainn díriú ar na gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta ríthábhachtacha sin.

Le deich mbliana anuas, tá an-chabhair tugtha ag FBManna chun infheistíochtaí a chothú, agus chun na rátaí fostaíochta a chothabháil ag an am céanna, agus sháraigh siad, le mórdheacracht go minic, na sriantachtaí airgeadais a bhain le margadh creidmheasa srianta agus cleachtais éagothroma íocaíochtaí déanacha.

Mar sin féin, is iad na FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa i gcónaí. Le blianta beaga anuas, bhí orthu dul i ngleic le forbairtí nua eacnamaíocha agus tionsclaíocha. Beidh orthu déileáil le roinnt mhaith dúshlán go luath amach anseo. Tá gá le nuálaíocht agus digitiú, scileanna gairme agus rochtain níos éasca ar mhargaí airgeadais. Ba cheart an ró-rialáil agus ualaí riaracháin a chiorrú go mór.

Ní mór an sainmhíniú as dáta ar FBManna a oiriúnú ionas go léireofar nádúr éagsúlaithe na gcineálacha seo fiontar faoi láthair.

Idir an dá linn, tá saincheist eile ann nach mór aghaidh a thabhairt uirthi, mar atá coincheap na "ceardaíochta". Ní mór dúinn breathnú ar chuideachtaí ceardaíochta mar chuideachtaí a bhfuil luach fiontraíochta na monaraíochta saincheaptha acu. Ar an ábhar sin, níor cheart gurb é méid na cuideachta a chinnfeadh cé acu is féidir nó nach féidir í a aicmiú mar chuideachta ceardaíochta.