Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus Iascach

Is beartas ríthábhachtach de chuid an Aontais Eorpaigh é an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) lena gcuirtear ar fáil soláthar inbhuanaithe de bhia slán ar ardchaighdeán do 500 milliún saoránach san Aontas ar phraghsanna réasúnta agus lena gcinntítear leibhéal réasúnta ioncaim do 11 mhilliún feirmeoir agus tá ról ríthábhachtach aige a fhad a bhaineann le forbairt shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch ar fud cheantair thuaithe na hEorpa.

Tá an Comhbheartas Talmhaíochta ag fónamh don Eoraip agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh le breis mhór agus 60 bliain anuas. Mar sin féin, is iomaí athrú atá tagtha ar an domhan ó cuireadh tús leis an gComhbheartas in 1962. I measc na bpríomhdhúshlán atá le sárú anois ag earnáil talmhaíochta na hEorpa tá an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, meath ar cháilíocht na hithreach, ganntanas uisce, bánú na gceantar tuaithe agus constaicí ar an athnuachan ó ghlúin go chéile.

I gcomhar leis an Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol (NAT) táimid ag obair chun an talmhaíocht inbhuanaithe agus forbairt chríochach chothromúil a chur chun cinn san Eoraip.

Go sonrach tá ról gníomhach againn i dtaca le bearta beartais níos éifeachtaí a mholadh chomh maith le réitigh fhéideartha a mholadh d'fhonn na nithe seo a leanas a bhaint amach: cosaint an chomhshaoil agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha sa talmhaíocht, cruthú post i gceantair thuaithe, soláthar na gairmoiliúna leanúnaí, tacaíocht a thabhairt do mhionsealbhóirí, mná agus daoine óga, tionacht shlán talún, agus soláthar bia atá sábháilte agus ar ardchaighdeán. Ina theannta sin, d'éilíomar go mbeadh forbairt ní ba chothromaithe ar siúl i ngach cuid den Aontas, agus é d'aidhm againn ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí tráth atá dlús á chur le próiseas an uirbithe san Eoraip.