Grúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach

Bunaíodh an Grúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach in 2017 mar thoradh ar thábhacht mhéadaitheach an tSeimeastair. Comhlacht cothrománach is ea é a neartaíonn agus a thacaíonn  leis an obair a dhéantar i rannóga CESE. Díríonn sé ar scrúdú a dhéanamh ar thograí ó shochaí shibhialta na hEorpa maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht, rud a chinntíonn rannchuidiú leanúnach CESE le timthriall bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh.

I dtosach báire timthriall bliantúil de chomhordú beartais eacnamaíoch a bhí sa Seimeastar ach is amhlaidh a rinneadh é a chomhlánú ina dhiaidh sin le gníomhaíochtaí a chuireann le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, chomh maith leis an gclaochlú glas agus an claochlú digiteach. De thairbhe na paindéime, tá ról lárnach ag an Seimeastar chun téarnamh socheacnamaíoch tapa a áirithiú agus chun fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach i gcomhréir leis an straitéis nua fáis atá bunaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus ar choincheap na hinbhuaine iomaíche. Tiocfaidh méadú breise ar ról an tSeimeastair de bharr na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta atá beartaithe. I measc nithe eile, ba cheart gur chuidiú do na Ballstáit an tSaoráid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear faoi chuimsiú an tSeimeastair. Cuirfear tacaíocht ar fáil do Bhallstáit i gcás ina gcloíonn siad leis na moltaí tír-shonracha a dhéantar faoi chuimsiú an tSeimeastair agus sa chás sin amháin. Fágann méid na suimeanna i gceist agus éirim nua an tSeimeastair gur cúram tábhachtach é seo agus go mbeidh ar an nGrúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach páirt nach beag a bheith aige ann. Cuirfear toradh ár bpléití san áireamh inár dtuairimí, arna ndréachtú go rialta mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe maidir leis an Straitéis Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe.

Tá gá le rannpháirtíocht mhuintir na hEorpa uile, trí mheán eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ionas gur féidir an geilleagar agus an tsochaí a athchóiriú. Trína chuid gníomhaíochtaí, mar atá, tuairimí a ullmhú, cuairteanna a thabhairt ar thíortha agus cruinnithe/comhdhálacha a eagrú, cuireann an Grúpa ad hoc le cáilíocht agus dlisteanacht an phróisis agus cuireann sé luach breise leis trí bhreis úinéireachta ar an bpróiseas a spreagadh ar leibhéal na mBallstát, trí thosaíochtaí a leagan amach ar bhealach níos fearr, trí chur chun feidhme níos éifeachtúla agus trí fheasacht náisiúnta a ardú. I gcomhréir leis an méid sin, tá sé beartaithe ag an nGrúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach leanúint den obair thábhachtach atá á déanamh aige chun dearcadh eagraíochtaí sochaí sibhialta sna Ballstáit i leith beartas a bhailiú, a dhíriú agus a chur chun cinn trí chuairteanna rialta a thabhairt ar thíortha agus trí fhóraim phlé.

Gheofar an t-eolas is déanaí faoi ghníomhaíochtaí an Ghrúpa sna doiciméid ar chlé.