Na tomhaltóirí

Sa lá atá inniu ann, a bhuí leis an margadh aonair, tá sé i bhfad níos fusa do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí an Aontais Eorpaigh earraí agus seirbhísí a cheannach agus a dhíol thar theorainneacha, bíodh sin ar líne nó as líne. Ach chuige sin is gá do thomhaltóirí a bheith in ann muinín a bheith acu as an margadh, agus tá gá freisin le reachtaíocht spriocdhírithe agus le forfheidhmiú éifeachtach. 

Féachann CESE lena chinntiú go mbíonn na cearta agus an chosaint is gá ag na tomhaltóirí. Chomh maith leis sin aithníonn an Coiste cleachtais tráchtála éagóracha agus neamhdhleathacha agus bíonn sé ar a dhícheall ag iarraidh dul i ngleic leo. Sa bhreis ar na bearta sin, cuireann sé chun cinn modhanna inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe.

Is ag an imeacht suaitheanta bliantúil, Lá Eorpach na dTomhaltóirí atá á reáchtáil ag an gCoiste ó bhí 1999 ann, is mó a thagann na tomhaltóirí i gceann a chéile chun tionchar a imirt ar an idirphlé laistigh den Aontas Eorpach.