Grúpa na bhFostóirí (Grúpa 1)

Tugaimid guth do lucht gnó ar an leibhéal Eorpach.

Tugann Grúpa na bhFostóirí (Grúpa I) le chéile fiontraithe agus ionadaithe ó chomhlachais fiontraithe a oibríonn i réimse leathan earnálacha gnó, ó earnáil na tionsclaíochta go earnáil an mhiondíola agus ón talmhaíocht go seirbhísí. Dá bhrí sin, tá ionadaíocht ag na fiontair uile ó FBManna go gnólachtaí móra. Tá ár gcomhaltaí gníomhach i saol an ghnó agus cuireann siad fírinní laethúla earnáil an gnó i ngach Ballstát den Aontas in iúl ar an leibhéal Eorpach. Tá siad tiomanta i ndáiríre do leas a bhaint as an taithí a fuarthas chun an fiontar Eorpach a chur chun cinn.

Cuireann Grúpa na bhFostóirí a obair i gcrích i gcomhréir le tosaíochtaí a léiríonn príomhriachtanais ghnólachtaí na hEorpa. Chun coinneáil suas leis na dinimicí ina bhfeidhmíonn gnólachtaí Eorpacha, déantar athbhreithniú ar na tosaíochtaí sin ar bhonn rialta. Is iad seo a leanas na tosaíochtaí atá againn faoi láthair:

  • Luachanna an Aontais a chothú
  • Bunchlocha eacnamaíocha a neartú
  • An tAontas Eorpach a thabhairt chun tosaigh ó thaobh cúrsaí digiteacha de
  • Deiseanna arna gcur ar fáil trí ghníomhú réamhghníomhach ar son na haeráide a thapú

I bhfochair a chéile, tá Grúpa na bhFostóirí ag déanamh a dhíchill chun timpeallacht ghnó Eorpach a chruthú lena gcuirtear deiseanna ar fáil d’fhostóirí forbairt a dhéanamh agus a bheith rathúil.

Oibrímid i ndlúthchomhar le sé mhóreagraíocht ghnó, is iad sin BusinessEurope, Copa-Cogeca, EUROCHAMBRES, EuroCommerce, SGI Europe agus SMEunited. Is comhghuaillithe tábhachtacha iad seo ó thaobh saineolas a mhalartú agus ár mbarúlacha a chur in iúl. Ina theannta sin, is minic a oibrímid i gcomhar le roinnt mhaith institiúidí agus eagraíochtaí gnó eile ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. 



Tosaíochtaí