Faoi láthair tá an Chatagóir Tomhaltóirí agus Comhshaoil comhdhéanta de chomhaltaí ón nGrúpa Éagsúlacht Eoraip (Grúpa III), agus is ionadaithe ar eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil a bhformhór nó is saineolaithe ar na réimsí sin iad.
Is é príomhaidhm na catagóire, ná, plé a dhéanamh ar dhoiciméid a mholann an Coimisiún Eorpach agus a chinntiú go gcuirtear cearta tomhaltóirí agus cosaint an chomhshaoil san áireamh in obair uile CESE. Is fóram é inar féidir le rannpháirtithe na beartais a chuirtear chun feidhme ina dtíortha féin a phlé.
Is é an Grúpa Éagsúlacht Eoraip a chuireann rúnaíocht na catagóire ar fáil. Tá fíor‑dhlúthchomhar déanta ag an gcatagóir le Catagóir na bhFeirmeoirí.