Gnóthaí sóisialta

Tá 25 mhilliún duine dífhostaithe agus 122 mhilliún duine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh san Aontas Eorpach. Is léir ar na figiúirí seo go bhfuil gá le breis cóineasú eacnamaíoch chun feabhas a chur ar shaol shaoránaigh na hEorpa. Siúd is go bhfuil sé fíorthábhachtach a chur ar a gcumas do dhaoine post cuibhiúil a aimsiú, tá oiread céanna tábhachta le córais leasa shóisialta chothroma éifeachtúla d'fhonn a chinntiú go mbeidh cosaint shóisialta ann do chách agus d'fhonn an cuimsiú sóisialta a chinntiú dóibh siúd nach bhfuil ionad sa tsochaí acu.

Cuimsíonn gnóthaí sóisialta na nithe seo a leanas: poist chuibhiúla, slándáil shóisialta, cosaint agus cuimsiú, laghdú na bochtaineachta, comhionannas inscne, daoine faoi mhíchumas, riachtanais leanaí agus teaghlach, daoine óga, daoine scothaosta agus mionlaigh amhail na Romaigh, rochtain ar chóras sláinte, ceartas, oideachas, cultúr agus spórt, obair dheonach agus saoránacht ghníomhach. Is éard is príomhchuspóir do ghnóthaí sóisialta, cuspóir a bhaineann leis na foréimsí uile, ná daoine a chur ar comhchéim le chéile agus i gcroílár an bheartais shóisialta. Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an phríomhionstraim pholaitiúil atá faoi réir aige chun sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Téamaí a bhfuil dlúthbhaint acu le gnóthaí sóisialta is ea an fhostaíocht, an t-oideachas agus an oiliúint, an imirce agus an tearmann, agus cearta bunúsacha agus cearta na saoránach, agus is í an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) go príomha a dhéanann cúram díobh. Is í an Fhaireachlann um Margadh an tSaothair atá ag Rannóg SOC a dhéanann monatóireacht shonrach ar na dúshláin atá roimh lucht saothair agus margadh saothair na hEorpa. Is é an grúpa staidéir téamach um chearta daoine faoi mhíchumas agus an grúpa staidéir sealadach um chuimsiú na Romach a bhíonn ag plé leis na hábhair shonracha imní sin. Anuas air sin, i ngeall ar na tuairimí sa réimse seo atá eisithe aige, tá acquis sóisialta cuibheasach mór curtha le chéile ag CESE.