Faireachlann um Margadh an tSaothair (FMS)

Tá sé de chuspóir ag an bhFaireachlann um Margadh an tSaothair treochtaí agus dúshláin i dtaca le margadh an tsaothair a aithint agus a anailísiú, rud a chuireann luach breise le hobair CESE agus na Rannóige um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC).

Tá an Fhaireachlann i mbun gníomhaíochta ó 2007 i leith. Áirítear ar na comhaltaí atá ar an bhFaireachlann uachtarán agus beirt leas-uachtarán ó Rannóg SOC, a dtagann athrú ar a seal orthu gach dhá bhliain go leith ó ghrúpa go chéile, is iad sin Grúpa na bhFostóirí, Grúpa na nOibrithe agus an Grúpa “Éagsúlacht Eoraip”. Chun sineirgí laistigh de CESE a chinntiú, is ó rannóga uile an Choiste a thagann comhaltaí na Faireachlainne.

Tá athrú ó bhonn ag teacht ar an margadh saothair sna Ballstáit uile a fhad a bhaineann le struchtúir an mhargaidh, a shásraí agus a chaidreamh tionsclaíoch. Feiniméin éagsúla is cúis leis an athrú seo, rud a chuireann an Fhaireachlann san áireamh ina hanailís. Is éard a dhéanann an Fhaireachlann ná dúshláin agus treochtaí i dtaca leis an margadh saothair a scrúdú, samplaí de dhea-chleachtais a bhailiú agus tuarascálacha nó staidéir a chur le chéile ar shaincheisteanna na huaire. Déanann sí imeachtaí poiblí agus cruinnithe inmheánacha a reáchtáil freisin agus spreagann sí plé i measc na n-institiúidí, na ngeallsealbhóirí sochghairmiúla, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus an lucht léinn.

Bíonn an Fhaireachlann gníomhach i mór-réimsí éagsúla, cuir i gcás an dífhostaíocht i measc na hóige, lánpháirtiú dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn i margadh an tsaothair, cuimsiú daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach i margadh an tsaothair, an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, agus na héifeachtaí a bhíonn ag an digitiú agus ag glasú an gheilleagair ar an bhfostaíocht agus scileanna agus ar shoghluaisteacht chothrom an lucht saothair.

Downloads

Priorities and working methods of the Labour Market Observatory (LMO) in the 2023 – 2025 half-term of office
Activity Report - Labour Market Observatory - Period 2020-2023
LMO work programme 2020-2023
LMO work programme 2020-2023 - Appendix 1 - List of LMO members
LMO work programme 2020-2023 - Appendix 2 - Study on The work of the future: ensuring lifelong learning and training of employees
Activity Report - Labour Market Observatory - Period 2018-2020
LMO work programme 2018-2020_EN
Labour Market Observatory (LMO) – Report on the activities of the 2015-2018 term of office
Labour Market Observatory (LMO) – Report on the activities of the 2013-2015 term of office