Tionsclaíocht agus athruithe tionsclaíocha

Tá beartas tionsclaíoch inbhuanaithe lena gcuirtear chun cinn aistriú cothrom i dtreo geilleagar ísealcharbóin de dhíth ar an Eoraip. Maidir leis sin, tá fíorthábhacht leis an nuálaíocht, an infheistíocht agus an oiliúint. Tugann coincheapa nua amhail Tionscal 4.0 agus an Intleacht Shaorga deiseanna agus dúshláin leo nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Ina cháil mar ionadaí ar shochaí shibhialta na hEorpa, tá deimhin déanta ag an gCoiste go bhfuil sé ar thús cadhnaíochta sa díospóireacht seo.

I dtaca le haghaidh a thabhairt ar athruithe tionsclaíocha, is ceann de dhúshláin mhóra an 21ú haois é sin. Tá forbairt eacnamaíoch agus shóisialta leanúnach ar siúl san uile réimse gníomhaíochta, agus baint aici go minic le tionchar na réabhlóide digití, an aistrithe fuinnimh agus an domhandaithe. I dtaca leis na hearnálacha traidisiúnta – cuir i gcás an tromdhéantúsaíocht – agus earnálacha atá ag teacht chun cinn i dtionscail atá níos glaise agus eolasbhunaithe, beidh orthu cur chuige réamhghníomhach a cheapadh d'fhonn teacht roimh athruithe, iad féin a chur in oiriúint dóibh agus na hathruithe sin a bhainistiú, a bhuí sin le teicneolaíochtaí inbhuanaithe nua agus le hathsciliú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin faoi leith a ghabhann le Tionscal 4.0.