Rannóga agus Comhlachtaí Eile

sé rannóg ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus déanann siad speisialtóireacht ar shainábhair is ábhartha do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a bhaineann le réimsí amhail gnóthaí sóisialta agus eacnamaíocha, fuinneamh, an comhshaol, caidreamh seachtrach nó an margadh inmheánach. Glacann comhaltaí páirt i gceann amháin nó níos mó de na rannóga réamhráite de réir an réimse saineolais atá acu agus is sna rannóga sin a dhéantar formhór na hoibre is gá d'fhonn an bealach a réiteach do na tuairimí. Ina theannta sin tá Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) ag CESE, arb é is cúram dó cuidiú le hearnáil tionsclaíochta an Aontais Eorpaigh tionchar an domhandaithe a aithint roimh ré agus í féin a chur in oiriúint dó.

Ag seo rannóga/coimisiún CESE:

Ina cheann sin, chuir CESE trí shain-fhaireachlann ar bun, atá dírithe ar na réimsí seo a leanas: an t-aistriú digiteach agus an margadh aonair, margadh an tsaothair (FMS) agus an fhorbairt inbhuanaithe (FFI) – mar aon leis an nGrúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach agus an Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta.

Cuireadh Grúpa Idirchaidrimh ar bun d’fhonn caidreamh a dhéanamh le heagraíochtaí agus líonraí na sochaí sibhialta san Eoraip agus d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha.