Grúpa Idirchaidrimh

Bunaíodh an Grúpa Idirchaidrimh in 2004 chun creat a chur ar fáil le haghaidh idirphlé polaitiúil agus comhar idir CESE agus na heagraíochtaí agus líonraí Eorpacha a ndéanann an Grúpa idirchaidreamh leo, chomh maith le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, maidir le saincheisteanna trasearnálacha lena mbaineann leas coiteann.

Fónann an Grúpa mar dhroichead uathúil idir eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na hinstitiúidí Eorpacha, rud a chumasaíonn an t-idirphlé sibhialta agus a chuireann an daonlathas rannpháirteach chun cinn. Is cainéal é trínar féidir leis an tsochaí shibhialta clár oibre agus próisis chinnteoireachta an Aontais a phlé agus tionchar a imirt orthu (mar atá beartaithe faoi Airteagal 11 CAE).

Bíonn an Grúpa Idirchaidrimh gafa le reáchtáil tionscnamh comhpháirteach agus imeachtaí comhpháirteacha, chomh maith le héisteachtaí, comhdhálacha agus ceardlanna, ar ábhair leasa choitinn. Is é an príomhimeacht bliantúil atá ag an nGrúpa ná Laethanta na Sochaí Sibhialta a dhéantar a reáchtáil i gcomhar le CESE.