Imirce agus tearmann

Tá sé ar cheann de mhórchuspóirí an Aontais Eorpaigh beartas imirce agus tearmainn a bheith aige atá réamhbhreathnaitheach, cuimsitheach agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Tá sé d'aidhm ag an mbeartas imirce cur chuige cothrom a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an imirce, bíodh sí rialta nó mírialta.

Tá ról lárnach ag an tsochaí shibhialta eagraithe i dtaca le gné shóisialta agus luach breise a chur leis na beartais inimirce Eorpacha. I ngeall ar an tacaíocht a thugann sí do dhídeanaithe agus d’imircigh, rannchuidíonn an tsochaí shibhialta le bainistiú imirce atá níos daonnúla agus le lánpháirtiú rathúil na nuatheachtaithe. Is ar leibhéal na cosmhuintire amháin a tharlóidh cuimsiú sóisialta na nuatheachtaithe, cuir i gcás sna hionaid oibre, scoileanna agus eagraíochtaí.

Is iad an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) nó an Rannóg um Chaidreamh Seachtrach (REX) a dhéanann cúram de shaincheisteanna imirce. Tá grúpa staidéir téamach um inimirce agus lánpháirtíocht (IMI) ag feidhmiú faoi choimirce Rannóg SOC agus déanann sé imeachtaí a reáchtáil atá dírithe ar ról na sochaí sibhialta i dtaca le bainistiú na himirce agus leis an lánpháirtiú.

Ina theannta sin, cuireann Rannóg SOC an rúnaíocht ar fáil le haghaidh an Fhóraim Eorpaigh um Imirce (EMF), ar fóram é a eagraíonn CESE i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach. Is éard atá san Fhóram Eorpach um Imirce ardán don idirphlé idir an tsochaí shibhialta agus na hinstitiúidí Eorpacha faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an imirce, an tearmann agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Tugann sé le chéile, uair sa bhliain ar a laghad, ionadaithe ar eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, na Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh.