Grúpa na nOibrithe (Grúpa II)

Tá Grúpa na nOibrithe (Grúpa II) comhdhéanta d'ionadaithe ó na ceardchumainn náisiúnta, cónaidhmeanna agus cónaidhmeanna earnála. Is ó bhreis agus 80 eagraíocht ceardchumann a thagann a chuid comhaltaí – agus tá an formhór mór acu cleamhnaithe le Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (ETUC) nó a cónaidhmeanna earnála.

Cé go bhfuil an tsamhail shóisialta Eorpach ina sampla le haghaidh cuid mhór den domhan, tá an iomarca daoine fós ag fulaingt cruatain nó eisiata ón tsochaí mar gheall ar bhochtaineacht, leithcheal, easpa oideachais nó míbhuntáistí eile.

Ba iad príomhthosaíochtaí Ghrúpa II i gcónaí riamh ná lánfhostaíocht, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú d'oibrithe san Eoraip agus folláine a chinntiú le haghaidh gach saoránaigh san Aontas Eorpach, agus le haghaidh oibrithe agus a dteaghlaigh ar na mór-ranna eile chomh maith.

Tá sé tiomanta do mhéadú agus neartú an Aontais Eorpaigh, mar limistéar rathúnais, saoirse agus daonlathais, tacaíochta frithpháirtí, dlúthpháirtíochta agus comhtháthaithe shóisialta, agus tá sé d'aidhm aige a chinntiú gur féidir le hoibrithe fíor-ról a imirt sa cheapadh beartais Eorpach.

WORKERS' GROUP PRIORITIES