An Comhshaol

Tá dúshláin an chomhshaoil le sonrú i ngach áit. Tá géarghá le stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, an uisce agus na hithreach, gach ach beagán réimsí fadhbacha a lua.

Maidir le samplaí de na fadhbanna domhanda comhshaoil atá ann, tá siombalachas ar leith ag baint le cailliúint na mbeach. Tá tábhacht nach beag ag folláine na mbeach agus ag an ról atá acu mar phailneoirí don bhithéagsúlacht. Tá meath tagtha ar bhreis agus 50% de na coilíneachtaí beach i gcomórtas le figiúirí a taifeadadh roinnt blianta ó shin. Is follas ar na sonraí atá ar fáil i dtaca le réimsí eile gur chúis imní dúinn saincheisteanna eile fós. Léiríonn cáilíocht an aeir i limistéir uirbeacha an géarghá atá ann dlús a chur leis na hiarrachtaí atá ar siúl. D'fhéadfadh sé go mbeadh breis agus leath an daonra uirbigh thíos le leibhéil an truaillithe atá os cionn threoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte. San Aontas Eorpach d'fhéadfadh sé go mbeadh na céadta mílte básanna anabaí ann gach bliain dá dheasca sin.

Ní fearr mar atá an scéal ar muir ná mar atá ar tír. Mar shampla, tógaimis málaí siopadóireachta plaisteacha indiúscartha toisc a fhorleithne atá siad in úsáid agus toisc an tionchar mór a bhíonn acusan ar an gcomhshaol. Baintear úsáid ar fud an domhain as na billiúin málaí indiúscartha gach bliain agus cé nach mbaintear úsáid as málaí plaisteacha ach ar feadh cúpla nóiméad ar an meán, is i láithreáin líonta talún nó san aigéan a bheidh siad gan ídiú ar feadh na mílte blianta ina dhiaidh sin.

Tá CESE ag obair chun beartas comhshaoil AE atá éifeachtach forásach a chur chun cinn agus chun teacht ar réitigh a chuirfidh feabhas ar an gcaoi a ndéantar an comhshaol a chosaint agus a fhágfaidh úsáid níos éifeachtúla á baint as acmhainní nádúrtha.

Chomh maith le comhairle beartais a thabhairt, tá cur chuige praiticiúil glactha ag CESE freisin maidir le cabhair a thabhairt an bhithéagsúlacht áitiúil a chaomhnú trí thionscadail phraiticiúla ar mhionscála, amhail "díonta glasa" a chur isteach nó coirceoga a chur ar bharr a áitribh.