Duais na Sochaí Sibhialta

Aitheantas a thabhairt don bharr feabhais i dtionscnaimh na sochaí sibhialta

Bhunaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Duais na Sochaí Sibhialta in 2006, agus é d'aidhm léi luach saothair agus spreagadh a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó do dhaoine aonair ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, as tionscnaimh agus éachtaí nithiúla a dhéanamh a chuidíonn go suntasach le féiniúlacht agus lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn.

Caithfidh na héachtaí agus na tionscnaimh sin a bheith cruthaitheach agus nuálach, agus ní foláir tionchar fadtéarmach dearfach a bheith acu ar dhearcadh an phobail ar an Eoraip agus ar an bpróiseas lánpháirtíochta.

Is é Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a shocraíonn téama sonrach na Duaise ó bhliain go chéile.

Agus an duais seo á bronnadh aige, tá sé d'aidhm ag an gCoiste feasacht a mhúscailt faoin gcaoi shuntasach inar féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus/nó daoine aonair rannchuidiú le féiniúlacht agus saoránacht Eorpach a chruthú, ina gcorprófar na luachanna comhroinnte atá ina gcrann taca do lánpháirtiú na hEorpa.

Má tá tuilleadh eolais uait ar Dhuais seo an Choiste, déan teagmháil le: Duais na Sochaí Sibhialta