GNÓTHAÍ INSTITIÚIDEACHA AGUS BUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH

Le Conradh Liospóin cuireadh tús le ré nua, a thug deiseanna nua do shaoránaigh agus dá gcuid eagraíochtaí ionadaíocha páirt a ghlacadh i bpróiseas ceaptha beartais agus cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, rud a threisigh dlisteanacht dhaonlathach na n-institiúidí Eorpacha agus a gcuid oibre. Mar sin féin, i bhfianaise na caibidlíochta faoi Brexit, chomh maith leis na dúshláin gheopholaitiúla, slándála, eacnamaíocha agus shóisialta is déanaí atá roimh an Aontas Eorpach, lainseáladh próiseas nua machnaimh ionas go ndéanfaidh AE-27 a gcinneadh faoi thodhchaí a nAontais.

Tá buiséad ag an Aontas Eorpach chun íoc as beartais a chuirtear i gcrích ar an leibhéal Eorpach. Is éard atá sa bhuiséad sin ná 1% d'ollioncam náisiúnta (OIN) AE-28, nó EUR 157.9 billiún (2017). Úsáidtear tuairim agus 94% de bhuiséad an Aontais chun cláir agus tionscadail laistigh de na Ballstáit agus lasmuigh den Aontas a mhaoiniú. Úsáidtear tuairim agus 6% den bhuiséad le haghaidh costais riaracháin. Go bunúsach is ó ranníocaíochtaí náisiúnta arna ríomh ar bhonn OIN agus Cáin Bhreisluacha agus ó acmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim ar iompórtálacha ó lasmuigh den Aontas) a thagann an t-airgead sin. Is iad na príomhchatagóirí caiteachais ná fás (cur leis an iomaíochas le haghaidh fáis agus post agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach) acmhainní nádúrtha (talmhaíocht agus iascach), slándáil agus saoránacht, beartas eachtrach agus riaracháin.

CESE agus Gnóthaí Institiúideacha agus Buiséad an Aontais Eorpaigh

Bhí tionchar gníomhach ag CESE ar athruithe i gconarthaí an Aontais agus chuidigh sé le hathchóiriú na n-institiúidí. Leanfaidh sé den obair sin trína chuid tuairimí, ina léirítear barúlacha na sochaí sibhialta, laistigh den idirphlé polaitiúil ar thodhchaí na hEorpa agus a cuid institiúidí.

Tá sé molta ag CESE go n-úsáidfear buiséad an Aontais chun an fás eacnamaíoch agus an fhostaíocht a lainseáil an athuair, chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus iomaíochas agus chun freagairt do dhúshláin inmheánacha agus sheachtracha araon. Ina theannta sin, ní mór béim níos mó a leagan ar na torthaí a bhaintear amach le buiséad an Aontais. Ba cheart go bhfágfadh an córas nua chun buiséad an Aontais a mhaoiniú, atá bunaithe níos mó ar acmhainní dílse, gur féidir éirí as an díospóireacht maidir le glan-iarmhéideanna le haghaidh gach Ballstáit, rud a thagann salach ar luachanna na dlúthpháirtíochta agus na tairbhe frithpháirtí, luachanna atá mar chrann taca do lánpháirtiú na hEorpa. Tá sé fíorthábhachtach go simpleofar na nósanna imeachta maidir le húsáid an bhuiséid agus go mbeidh níos mó solúbthachta ann chun déileáil le dúshláin phráinneacha.