Déanann an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (a dtugtar a acrainm Fraincise: CCMI, Commission consultative des mutations industrielles air freisin) athruithe sa tionsclaíocht a scrúdú a fhad a bhaineann siad le réimse leathan earnálacha. Féachann sé le bheith bord ar bhord leis na hathruithe sin agus téann i ngleic leo de réir na luachanna a bhaineann le samhail eacnamaíoch agus shóisialta na hEorpa.
Tháinig CCMI i gcomharbacht ar choiste comhairleach an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach nuair a chuaigh an Comhphobal in éag an 23 Iúil 2002. Bunaíodh é mar chomhlacht ar leith laistigh de CESE agus tá na hearnálacha tionsclaíochta uile i réimsí na déantúsaíochta agus na seirbhísí araon faoina shainchúram.
Tá CCMI comhdhéanta de chomhaltaí de chuid CESE agus de thoscairí seachtracha.
Is é CESE a cheapann na toscairí sin as measc comhlachais earnála a dhéanann ionadaíocht thar ceann na sochaí sibhialta eagraithe ar an leibhéal Eorpach.
Ball den Choiste a cheaptar mar uachtarán ar CCMI agus toscaire a cheaptar mar chomhuachtarán air.
Is iad seo a leanas na nithe atá faoi shainchúram CCMI:
- leanúint de bheith ag cumhdach na réimsí sin den tionscal guail agus den tionscal cruach agus de na slabhraí táirgeachta agus tomhaltais a ngabhann leo a bhfuil an tAontas gníomhach iontu;
- an tionchar a bhíonn ag athruithe tionsclaíocha ar earnálacha tionsclaíochta eile agus earnálacha seirbhísí eile a chumhdach, agus, ar bhonn níos ginearálta, an tionchar a bhíonn acu, mar shampla, ar an bhfostaíocht, an beartas sóisialta agus struchtúrach, an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-aistriú fuinnimh, etc. a chumhdach freisin;
- agus, le tamall anuas, athruithe tionsclaíocha digiteacha agus an tionchar earnálach agus sochaíoch a bhíonn acu a chumhdach, mar shampla mar a bhaineann sin leis na hearnálacha seirbhísí agus airgeadais, le hearnáil na ngluaisteán agus leis an earnáil sláinte, agus an tionchar a bhíonn ag athruithe tionsclaíocha digiteacha ar phoist, cúrsaí oiliúna, oideachas, comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, idirphlé sóisialta agus sibhialta, agus an t-aistriú ginearálta ó Tionscal 4.0 go Sochaí 4.0.
Is féidir le CCMI a dhearcadh a nochtadh trí thuairimí éigeantacha faoi théarmaí an Chonartha, tuairimí roghnacha agus tústuairimí ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, chomh maith le tuairimí féintionscnaimh agus tuarascálacha faisnéise agus trí chomhdhálacha agus éisteachtaí a reáchtáil.
Cothaíonn sé dlúthchaidreamh oibre leis na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí éagsúla sna réimsí éagsúla lena mbaineann.