Fostaíocht

Agus téarnamh eacnamaíoch réasúnta mall ar siúl le blianta beaga anuas, tá fás, mar sin féin, faoi leibhéal na fostaíochta foriomláine san Aontas agus tá leibhéal na dífhostaíochta ag titim. Ar a shon sin, ní féidir cur suas leis na rátaí fadtéarmacha dífhostaíochta ná leis na figiúirí dífhostaíochta i measc na hóige. Is é an chloch is mó ar phaidrín na hEorpa ná tuilleadh post ar ardchaighdeán a chruthú. Rachaidh sin an-chrua uirthi i ngeall ar na tosca struchtúracha is siocair leis na hathruithe atá ag tarlú, cuir i gcás an nuálaíocht theicneolaíoch agus an domhandú, ar 'deiseanna agus dúshláin iad do dhomhan na fostaíochta.'

Is iad na Ballstáit féin atá freagrach go príomha as an mbeartas fostaíochta. Mar sin féin, oibríonn an tAontas i gcomhar leo chun straitéis chomhordaithe a chur i bhfeidhm, mar atá Straitéis Fostaíochta na hEorpa. Molann an tAontas Eorpach go mór do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile. Tacaíonn sé lena n-iarrachtaí agus déanann sé measúnú orthu, go príomha tríd an Seimeastar Eorpach, trí threoirlínte maidir le fostaíocht agus trí mhonatóireacht a dhéanamh ar bheartais náisiúnta (Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, Cláir Náisiúnta um Athchóiriú agus moltaí tír-shonracha).

Tá sé d'oibleagáid ar an gCoimisiún Eorpach dul i gcomhairle le CESE maidir le saincheisteanna fostaíochta. Tá tuairimí glactha ag CESE maidir leis na tionscnaimh uile ar leibhéal an Aontais (mar shampla Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Treoirlínte do Bheartais Fostaíochta, an Pacáiste Fostaíochta agus an Ráthaíocht don Aos Óg).

Is í an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) a bhíonn freagrach, de ghnáth, as saincheisteanna fostaíochta, agus, ar dhóigh níos sonraí, is í an Fhaireachlann um Margadh an tSaothair a dhéanann cúram díobh trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na treochtaí agus dúshláin a bhaineann le lucht saothair agus margadh saothair na hEorpa.