Bunaíodh Faireachlann an Aistrithe Dhigitigh agus an Mhargaidh Aonair d’fhonn struchtúr cothrománach agus solúbtha a chur ar fáil do CESE, rud a chuirfeadh ar a chumas:
- anailís a dhéanamh ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh;
- easnaimh agus bacainní a shainaithint; agus
- réitigh orthu a mholadh.
Díríonn an Fhaireachlann ar fhorbairt Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais agus cumhdaítear léi gníomhaíochtaí CESE maidir leis an intleacht shaorga agus leis an gclár oibre digiteach.
Ós comhlacht nuabhunaithe í an Fhaireachlann, táthar ag súil go n-úsáidfidh sí modhanna oibre nua agus nuálacha.