Téarnamh an Aontais – Tá tábhacht nach beag le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe

Tá rún glactha ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ina gcuirtear in iúl gur luachmhar an rannchuidiú a d’fhéadfadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe a dhéanamh i ndáil le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ina gcuirtear in iúl nach mór glór na n-eagraíochtaí sin a chur san áireamh sa phróiseas seo.

B’éifeachtúla agus b’éifeachtaí a bheadh Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ach eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe a bheith rannpháirteach sa phróiseas ag céim níos luaithe agus ar bhonn níos forleithne. B’in í príomhtheachtaireacht an rúin “Rannpháirtíocht na Sochaí Sibhialta Eagraithe sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta – na nithe a oibríonn agus na nithe nach n-oibríonn”, rún a glacadh ag seisiún iomlánach CESE i mí Feabhra agus a cuireadh i láthair le linn díospóireacht le Christa Schweng, Uachtarán CESE, agus Johannes Hahn, An Coimisinéir Eorpach um Buiséad agus um Riarachán.

Ag trácht di ar an toradh, seo mar a labhair an tUacharán Schweng: A bhuí leis an rún seo, agus leis an anailís a dhéantar mar chuid de ar réimse leathan gnéithe eacnamaíocha agus sochaíocha, táimid in ann teachtaireacht láidir a sheoladh lena gcuirtear in iúl go soiléir go bhfuil tábhacht nach beag le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe. Ní mór pleananna téarnaimh tairbhiúla a bheith ann chun tacú i ndáiríre leis an téarnamh ón ngéarchéim reatha agus aistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir agus cothrom a bhaint amach. A luaithe a bheidh na cistí i bhfeidhm, mar dhara céim, is maith is féidir le comhaltaí CESE a mheas an bhfuil an t‑airgead á chaitheamh ar bhealach atá éifeachtach agus an féidir leis na gnólachtaí, na hoibrithe, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá i ngátar leas a bhaint as an airgead.

Ó thaobh an Choimisinéara Hahn de, dúirt sé go raibh rialacha i bhfeidhm, agus go leanfadh an Coimisiún de bheith ag áitiú ar son rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sna próisis athchóiriúcháin sin: Leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, spreagtar comhairliúcháin leathana, idirghníomhaíochtaí láidre agus cumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag gach céim den chur chun feidhme. Ar an gcaoi sin, spreagtar na geallsealbhóirí le seilbh a ghlacadh ar na pleananna, agus, a bhuí leis sin, éascaítear cur chun feidhme rathúil na bpleananna. Go sonrach, ní mór do na Ballstáit a chur in iúl dúinn cén chaoi a léirítear ionchur ionadaithe ón tsochaí shibhialta sa phlean.

An Rún ón gCoiste

Ba iad na comhaltaí seo a leanas ó CESE a dhréachtaigh an rún: Gonçalo Lobo Xavier (Grúpa na bhFostóirí), Javier Doz Orrit (Grúpa na nOibrithe) agus Luca Jahier (an grúpa "Éagsúlacht Eoraip"). Rinne an triúr comhaltaí seo obair na 27 dtoscaireacht a chomhordú (tá triúr comhaltaí i ngach toscaireacht). Is é atá i gceist leis an obair sin monatóireacht a dhéanamh ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe maidir le dréachtú, cur chun feidhme agus measúnú na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

Ag labhairt dó le linn na díospóireachta, thug an tUas. Jahier an rabhadh seo uaidh: Ní leor rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcás roinnt mhaith tíortha, in ainneoin iarrachtaí de chuid an Choimisiúin agus Pharlaimint na hEorpa agus in ainneoin an Rialacháin maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar é sin a cheartú ag an gcéim seo agus ag céim na monatóireachta agus an chur chun feidhme araon.

Bhí an tUas. Lobo Xavier, a dúirt an méid seo a leanas, ar cóimheon leis: Ní reitric ná stuacacht CESE faoi deara dúinn ról a lorg don tsochaí shibhialta sna pleananna téarnaimh, a dúirt sé. Ní mór a chinntiú go gcuirfear i gcroílár cinntí fáis agus beartas fáis na dúshláin a bhaineann i ndáiríre leis an tsláinte phoiblí agus leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta.

Ar deireadh, chuir an tUas. Doz Orrit an méid seo a leanas i bhfios go láidir: Ní mór infheistíochtaí a dhéanamh sa gheilleagar glas agus sa digitiú ar chaoi a dhíreoidh ar athrú a spreagadh sa tsamhail táirgeachta, ar shochaithe atá níos comhtháite go sóisialta a fhorbairt agus ar dhul i dtreo cóineasú idir na tíortha.

Cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta: ról a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta

Tríd an rún sin a ghlacadh, tá teachtaireacht láidir seolta ag an gCoiste maidir lena thábhachtaí atá sé ról a thabhairt d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta eagraithe san obair a bhaineann le téarnamh agus athléimneacht. Chomh maith leis sin, ionchur coiteann is ea an rún sin le haghaidh Chomhairle Eorpach an Earraigh atá le tionól an 25-26 Márta 2021.

Sna chéad chéimeanna eile de chlár na hionstraime téarnaimh “Next Generation EU”, is gá dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta arís agus measúnú á dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ar thionchar na bpleananna sin ar gheilleagar agus ar shochaí na mBallstát.

An chaoi a bhfreagraíonn an tAontas do ghéarchéim COVID-19, tábhacht an phlean téarnaimh, an chaoi a maoinítear an téarnamh agus acmhainneacht an Aontais maidir le ról a thabhairt don tsochaí shibhialta i gcur chun feidhme an phlean: tá poitéinseal ag na tosca sin uile a bheith ina gcor cinniúna i ndáil leis an tionscadal Eorpach. Ach na nithe sin a dhéanamh mar is cóir, d'fhéadfaí géarchéim pholaitiúil a shárú agus céim chinntitheach chun tosaigh a thabhairt i bpróiseas lánpháirtithe na hEorpa.

Mar sin féin, má táimid chun géarchéim pholaitiúil a sheachaint agus an chéim chun tosaigh sin a thabhairt, ní mór rath a bheith ar chur chun feidhme an phlean agus na cuspóirí atá leis a bhaint amach. Is tráth cinniúnach i stair an Aontais é seo agus d’fhéadfadh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta cur go mór le rath an Aontais.

Downloads

EU recovery – Involvement of organised civil society is key