Cosaint sonraí ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ceart bunúsach is ea cosaint sonraí pearsanta agus tá sé cumhdaithe in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon.

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 na rialacha maidir le cosaint sonraí in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le hachoimre a thabhairt ar na prionsabail dlí maidir le próiseáil sonraí pearsanta, leagtar amach ann cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí, oibleagáidí na rialaitheoirí sonraí agus an ról atá ag an Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS).

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí (daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil) rochtain a iarraidh ar a sonraí pearsanta, saor in aisce agus gan srian. Tá sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí nó go léirscriosfaí a sonraí pearsanta nó go gcuirfí srian ar phróiseáil a sonraí pearsanta. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí freisin agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a sonraí pearsanta.

Nuair is infheidhme, tá sé de cheart ag ábhair sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leo a fháil a cuireadh chuig an rialaitheoir nó a iarraidh go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a chur go díreach chuig rialaitheoir eile (iniomparthacht sonraí). Tá sé de cheart acu freisin toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcásanna ina ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbunús dlí sin.

I gcásanna áirithe, de bhua Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus na Rialacha Inmheánacha a leagtar síos faoi Chinneadh Uimh. 160/21 A ó CESE, féadfar ceann amháin nó níos mó de chearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a shrianadh ar feadh tréimhse sealadaí inter alia ar fhorais cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh nó ar fhorais eile is infheidhme (mar a leagtar síos sna Rialacha Inmheánacha). Beidh teorainn ama le haon srian den chineál sin, beidh sé comhréireach agus urramóidh sé bunbhrí na gceart thuasluaite. Cuirfear deireadh leis a luaithe nach mbeidh na cúinsí a thugann bonn cirt don srian infheidhme a thuilleadh. Gheobhaidh na hábhair sonraí fógra sonrach maidir le cosaint sonraí nuair a bheidh an tréimhse sin caite. Mar riail ghinearálta, cuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoi na príomhchúiseanna atá le srian ach amháin dá gcuirfeadh an fhaisnéis sin éifeacht an tsriain féin ar ceal.

Ní foláir do rialaitheoirí (eintitis eagraíochtúla a chinneann cuspóir agus modhanna na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta) a áirithiú go bpróiseálfar sonraí pearsanta chun críocha dlisteanacha a shaineofar go soiléir agus chun na gcríoch sin amháin, agus go bpróiseálfar iad ar bhealach cóir agus dleathach agus ar shlí atá slán. Tá sé de chúram orthu freisin a áirithiú go mbeidh na sonraí cruinn, leordhóthanach, ábhartha agus nach mbeidh siad iomarcach, agus nach gcoimeádfar iad níos faide ná mar is gá. Ina theannta sin, ní foláir do na rialaitheoirí na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar sonraí dá gcuid a phróiseáil agus a áirithiú nach ndéanfar sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe go dtí go mbeidh coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm.

Ina theannta sin, sonraítear i Rialachán (AE) 2018/1725 nach mór do gach institiúid nó comhlacht Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh. Tá an OCS freagrach as an rialaitheoir nó an próiseálaí agus fostaithe a dhéanann an phróiseáil a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu maidir lena n‑oibleagáidí, agus as daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n‑oibleagáidí. Ní mór don oifigeach sin cur i bhfeidhm inmheánach fhorálacha an rialacháin laistigh den institiúid lena mbaineann a áirithiú ar bhealach neamhspleách.

Cuireann an OCS comhairle ar fáil nuair a iarrtar sin maidir leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó cumarsáid a dhéanamh faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta agus maidir leis an ngá atá le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh (lena n‑áirítear i dtaca le réamhchomhairliúchán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)). Ina theannta sin, freagraíonn an OCS d’iarrataí ó MECS, comhoibríonn sé nó sí leis an údarás maoirseachta, agus féadfaidh sé nó sí moltaí a dhéanamh maidir le cosaint sonraí a fheabhsú laistigh den eagraíocht. Féadfaidh an OCS imscrúdú a dhéanamh freisin ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena dhualgais nó lena dualgais, agus féadfaidh aon duine aonair dul i gcomhairle leis nó léi gan dul trí na cainéil oifigiúla maidir le haon ábhar a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin.

Má tá aon cheist agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an tseirbhís ábhartha atá i gceannas ar phróiseáil sonraí pearsanta mar a thugtar le fios sa ráiteas príobháideachais. Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin, tráth ar bith, le hOifigeach Cosanta Sonraí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus/nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu).

Oifigeach Cosanta Sonraí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
99-101 Rue Belliard, JDE 4030
B-1040 An Bhruiséil
Tel: +32 2 546 9836
e-mail: EESC data protection

Downloads

Use of the Emplifi software platform for social media community management and analysis
Accreditation privacy statement (Nov 2022)
Dynamics privacy statement
Video-surveillance policy
REUReady - privacy policy