An Eoraip

This page is also available in:

San Eoraip, tá caidreamh ag CESE leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcónaí sna Balcáin Thiar, i gComharsanacht an Oirthir, i stáit CSTE LEE an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, agus sa Ríocht Aontaithe.

An Coiste Leantach um na Balcáin Thiar – comhlacht inmheánach, buan de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – is é an phríomhionstraim é chun gníomhaíochtaí CESE sa réigiún sin a chomhordú. Tionóltar Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar gach re bliain agus is cuid d’obair an Choiste Leantaigh é.

Oibríonn CESE go déthaobhach freisin leis na tíortha úd sna Balcáin Thiar atá tar éis tús a chur le caibidlíocht aontachais, agus leis an Tuirc, trí chomhlachtaí speisialaithe a cruthaíodh ar bhonn comhaontuithe comhlachais idir na tíortha sin agus an tAontas: is é is aidhm do na Comhchoistí Comhairliúcháin sin comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a rannpháirtiú agus faireachán á dhéanamh ar phróisis réamhaontachais agus athchóirithe i dtreo cur lena seans ballraíocht an Aontais a bhaint amach. Is éard atá i ngach comhlacht líon comhionann comhaltaí ó CESE agus ón tír chomhpháirtíochta agus is iondúil go dtagann siad i gceann a chéile uair amháin nó dhá uair sa bhliain.

Lena chois sin, chuir CESE Coiste Leantach um Chomharsanacht an Oirthir ar bun: comhlacht inmheánach atá ann a bhfuil sé mar fhreagracht aige feabhas a chur ar an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta i dtíortha an réigiúin sin, is iad sin, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin.

Is iad Ardáin na Sochaí Sibhialta na príomhshásraí comhair leis an Airméin, leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, lena gceadaítear d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ón Aontas agus ón tír chomhpháirtíochta faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chomhaontuithe an Aontais leis na tíortha sin agus moltaí a dhréachtú do na húdaráis ábhartha. Thairis sin, tíortha is iarrthóirí a bhí san Úcráin agus sa Mholdóiv in 2022.

A fhad a bhaineann sé leis an mBealarúis agus leis an Rúis, tá caidreamh á chothú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú gan bhac sa dá thír sin, eagraíochtaí a bhfuil an chuid is mó díbh bunaithe ar chríoch an Aontais. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach leanúint den idirphlé go dtí go dtiocfaidh feabhas ar dhálaí amach anseo.

Tugtar le chéile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus na trí stát CSTE LEE (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) i Margadh Inmheánach  inar féidir le hearraí, seirbhísí, caipiteal agus daoine gluaiseacht gan bhac. Is cuid de Choiste Comhairleach an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch é CESE, coiste ina bpléitear ceisteanna comhleasa le hionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta ó stáit CSTE LEE.

Ar deireadh, tá Coiste Leantach AE-na Ríochta Aontaithe faoi stiúir CESE, coiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ó thaobh na sochaí sibhialta de. Is ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann is mó a dhíríonn obair an choiste, a bhfuil comhrá leanúnach ina leith ar bun le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Ríocht Aontaithe, mar aon le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe; tá Coiste Leantach AE-na Ríochta Aontaithe ag obair i gcomhar le Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

  • Published in
    Study
    71 pages

    Taking Stock of SDG 2 and Future Perspectives

  • Published in
    15 pages

    This document seeks to provide input to the Global Coalition for Social Justice. It highlights key messages from EESC opinions on the six priority areas identified by the International Labour Organization (ILO) for immediate action.

  • Published in
    40 pages

    This brochure brings you the highlights of the EESC's Connecting EU 2023 seminar, held in Bratislava in November 2023 under the title "European Elections 2024: Why vote?"

  • Published in
    12 pages

    The Consultative Commission on Industrial Change (known by its French acronym of CCMI, Commission Consultative des Mutations Industrielles), is the heir of the European Coal and Steel Community (CECA in French) and joined the EESC in 2002. Since then, the CCMI’s remit does no longer only cover the traditional coal and steel sectors but has been extended to embrace all sectors of industry in both manufacturing and services.

  • Where do EU-US relations go from here?

    In this issue:

    • Our members comment on the results of the US presidential election and reflect on their possible impact;
    • Guest articles by Lennart NILSSON (General Confederation of Agricultural Cooperatives - COGECA), Beatriz ABELLÁN MERELO (Foundation for European Progressive Studies - FEPS) and Francesca CARLSSON (European Environmental Bureau - EEB);
    • Report on our recent conference on protecting Europe's most vulnerable through sustainable and affordable housing;
    • Interview with rapporteur Anastasis YIAPANIS on the new EESC opinion on 'Advanced materials for industrial leadership'.
    • Civil Society Organisations' Bulletin - December 2024