Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine

This page is also available in

Síníodh caibidlí polaitiúla an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 21 Márta 2014 agus síníodh na codanna eile de an 27 Meitheamh 2014. Tosaíodh ar chodanna tábhachtacha den Chomhaontú, gan bacadh le roinn na trádála,  áfach, a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Samhain 2014 i leith. Tosaíodh ar fhorálacha trádála an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2016. Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm go hiomlán a luaithe a bheidh sé daingnithe ag na Ballstáit uile.

Sonraítear i bhforálacha institiúideacha, ginearálta agus críochnaitheacha Chomhaontú Comhlachais an Aontais leis an Úcráin (Airteagal 469) bunú Ardán na Sochaí Sibhialta, a mbeadh sé de chúram air cruinnithe rialta d'ionadaithe ó shochaí shibhialta an dá pháirtí a chur chun cinn, "chun iad a choimeád ar an eolas faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus chun ionchur a bhailiú ina leith sin." Ar an gcaoi sin, déanann an tArdán comhlánú ar na comhlachtaí polaitiúla atá ann cheana faoi chuimsiú chreat an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, agus cuireann sé ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta ón dá thaobh monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme agus a chuid moltaí a chur faoi bhráid na n-údarás ábhartha.

Sonraítear comhdhéanamh Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine in Airteagal 469 mar leanas: "is éard a bheidh ann comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar thaobh amháin agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta san Úcráin ar an taobh eile."

Bunaíodh an tArdán an 16 Aibreán 2015 agus tá comhaltaí ón dá thaobh air. Ar thaobh an Aontais, tá comhaltaí ó CESE air mar aon le breathnóirí buana ó líonraí Eorpacha na Sochaí Sibhialta (Eurochambres, BusinessEurope, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, Copa-Cogeca, Cooperatives Europe, agus Fóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir).

Féadfaidh an tArdán moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Comhlachais (ar leibhéal na haireachta); ina theannta sin, tá sé d'oibleagáid ar an gCoiste Comhlachais (ar leibhéal na státseirbhíseach sinsearach) agus ar an gCoiste Parlaiminteach Comhlachais a bheith i dteagmháil go rialta le hionadaithe an Ardáin chun a dtuairimí siúd a fháil maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais a bhaint amach (Airteagal 470).