Ardán Sochaí Sibhialta AE-na Moldóive

Síníodh Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016.

Sonraítear i bhforálacha institiúideacha, ginearálta agus críochnaitheacha Chomhaontú Comhlachais an Aontais leis an Moldóiv (Airteagal 442) bunú Ardáin don tSochaí Shibhialta, a mbeadh sé de chúram air cruinnithe rialta d'ionadaithe ó shochaí shibhialta an dá pháirtí a chur chun cinn, "chun iad a choimeád ar an eolas faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus chun ionchur a bhailiú ina leith sin." Ar an gcaoi sin, déanann an tArdán comhlánú ar na comhlachtaí polaitiúla atá ann cheana faoi chuimsiú chreat an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv, agus cuireann sé ar chumas eagraíochtaí sochaí sibhialta ar an dá thaobh monatóireacht a dhéanamh ar an bpróiseas cur chun feidhme agus a chuid moltaí a chur faoi bhráid na n-údarás ábhartha.

Sonraítear ballraíocht an Ardáin in Airteagal 442 mar leanas: "is éard a bheidh air ionadaithe ón tsochaí shibhialta ar thaobh an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear comhaltaí ó CESE, agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta ar thaobh Phoblacht na Moldóive."

Bunaíodh Ardán Sochaí Sibhialta AE-na Moldóive an 10 Bealtaine 2016 agus tá comhaltaí ón dá thaobh air. Ar thaobh an Aontais, tá comhaltaí ó CESE air mar aon le baill de líonraí Eorpacha na Sochaí Sibhialta (BusinessEurope, Fóram Eorpach na Seirbhísí, Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (ITUC), Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU), Euro Coop, an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas agus Fóram Sochaí Sibhialta Chomhpháirtíocht an Oirthir).

Féadfaidh an tArdán moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Comhlachais (ar leibhéal na haireachta); ina theannta sin, tá sé d'oibleagáid ar an gCoiste Comhlachais (ar leibhéal na státseirbhíseach sinsearach) agus ar an gCoiste Parlaiminteach Comhlachais a bheith i dteagmháil go rialta le hionadaithe an Ardáin chun a dtuairimí siúd a fháil maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais a bhaint amach (Airteagal 443).