European Economic
and Social Committee
Na Grúpaí Comhairleacha Baile agus na Grúpaí Comhpháirteacha go léir
Is comhlachtaí de chuid na sochaí sibhialta iad Grúpaí Comhairleacha Baile a thugann comhairle maidir le cur chun feidhme comhaontuithe trádála. Bunaíodh iad den chéad uair faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré in 2011. Ó shin i leith, bunaítear le gach Comhaontú Saorthrádála a shíníonn an tAontas le tír chomhpháirtíochta nó le grúpa tíortha Grúpa Comhairleach Baile AE agus Grúpa Comhairleach Baile do chomhpháirtí an chomhaontaithe.
Ní comhlachtaí déthaobhacha iad na Grúpaí Comhairleacha Baile. Tá sé de chúram ar Ghrúpaí Comhairleacha Baile an Aontais Eorpaigh comhairle a chur ar Ard-Stiúrthóireacht na Trádála sa Choimisiún, agus tá sé de fhreagracht ar Ghrúpa Comhairleach Baile an chomhpháirtithe comhairle a chur ar rialtas a thíre féin. Mar sin féin, féadfaidh na Grúpaí Comhairleacha Baile ar an dá thaobh cruinnithe a eagrú eatarthu roimh Fhóram na Sochaí Sibhialta a eagraíonn na Páirtithe uair sa bhliain faoi chuimsiú Comhaontú Saorthrádála ar leith.
Is i réimse na trádála agus na forbartha inbhuanaithe a bhíonn Grúpaí Comhairleacha Baile gníomhach den chuid is mó. Bíonn caibidil faoi leith ar an réimse sin sna Comhaontuithe Saorthrádála a shíníonn an tAontas agus is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a mbarúil a thabhairt ar éifeachtaí an Chomhaontaithe Shaorthrádála ar an tsochaí, ar an ngeilleagar, ar an gcomhshaol agus ar chearta oibrithe agus cearta an duine san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta.
Áirithítear le comhdhéanamh na nGrupaí Comhairleacha Baile go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar fhostóirí, ar oibrithe agus ar an tríú hearnáil / ar eagraíochtaí neamhrialtasacha. I gcás Ghrúpaí Comhairleacha Baile an Aontais, cuireann CESE triúr comhaltaí ar fáil (duine amháin in aghaidh an ghrúpa), cé is moite de Ghrúpa Comhairleach Baile AE-na Ríochta Aontaithe, ina bhfuil seisear comhaltaí de CESE. Cuireann CESE seirbhísí rúnaíochta do na Grúpaí Comhairleacha Baile uile freisin.
Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a tháinig i bhfeidhm in 2021, bunaíodh Grúpa Comhairleach Baile AE faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus é de fhreagracht ar an nGrúpa sin comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an gComhaontú ina iomláine.
In 2025, bunaíodh dhá Ghrúpa Comhairleacha Baile nua de chuid an Aontais, ceann amháin don Chéinia agus ceann eile don Nua-Shéalainn, lena gcumhdaítear na comhaontuithe ina n-iomláine freisin. Bunaíodh Grúpa Comhairleach Baile AE-na Sile i mí an Mhárta 2026.
Dá bhrí sin, tá 15 Ghrúpa Comhairleacha Baile ann faoi láthair. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an leathanach faoi leith a bhaineann le gach Grúpa Comhairleach Baile.