An Grúpa Buan um an Seimeastar Eorpach

In 2017, bhunaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Grúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach mar fhreagairt ar thábhacht mhéadaitheach an tSeimeastair Eorpaigh.

Comhlacht cothrománach ina bhfuil 34 chomhalta de CESE is ea an Grúpa ad hoc um an Seimeastar Eorpach, comhlacht a threisíonn agus a thacaíonn leis an obair a dhéantar i rannóga CESE. Déanann sé scrúdú ar thograí ó shochaí shibhialta na hEorpa maidir le beartais eacnamaíocha, fhioscacha, fostaíochta agus shóisialta, agus áirithítear dá chionn sin go ndéanann CESE a chion féin go leanúnach ar mhaithe le timthriall bliantúil an tSeimeastair Eorpaigh.

Is cuid de chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh é an Seimeastar Eorpach lenar féidir faireachas agus comhordú comhtháite a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha, fostaíochta agus shóisialta na mBallstát ar fud an Aontais. Is iad seo a leanas príomhchuspóirí phróisis an tSeimeastair Eorpaigh: (1) airgeadas poiblí fónta a áirithiú, easnaimh bhuiséadacha iomarcacha a sheachaint agus fiachas rialtais a chosc nó a laghdú; (2) cóineasú agus cobhsaíocht a áirithiú san Aontas; (3) fás eacnamaíoch a chothú; (4) míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha san Aontas a chosc; (5) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; agus (6) beartais fostaíochta agus shóisialta a chomhordú agus faireachán a dhéanamh orthu. Cé gur láimhseáladh na beartais náisiúnta sin ar leithligh roimhe seo, áirithítear leis an Seimeastar Eorpach go ndéantar anailís agus measúnú orthu le chéile laistigh d’fhéilire bliantúil comhchoiteann. Leanann sé timthriall athfhillteach; tosaíonn sé san fhómhar le cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach ar na tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus tagann deireadh leis i mí Dheireadh Fómhair na bliana dar gcionn nuair a chuireann Ballstáit den Aontas Eorpach a ndréachtphleananna buiséadacha isteach. Ina dhiaidh sin, tosaíonn an timthriall arís. Cuireadh an Seimeastar Eorpach in oiriúint don timpeallacht pholaitiúil atá ag athrú trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Comhaontú Glas don Eoraip a áireamh ann. Rinneadh an téarnamh iar-COVID agus an ghéarchéim fuinnimh a d’eascair as an gcogadh san Úcráin a chomhtháthú ann freisin faoin gcreat rialachais mhaicreacnamaíoch. Le déanaí, rinneadh tuilleadh forbartha arís ar an Seimeastar Eorpach mar fhreagairt ar phacáiste reachtach an Choimisiúin Eorpaigh lena ndéantar athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus chun ullmhacht níos fearr do dhúshláin a bheidh ann amach anseo a áirithiú trí thacú leis an dul chun cinn i dtreo geilleagar glas, digiteach, cuimsitheach agus athléimneach.

Áirítear an méid seo a leanas ar phríomhghníomhaíochtaí an Ghrúpa ad hoc in CESE: (1) tuairimí a tharraingt suas a bhaineann le Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach, agus tuarascálacha faisnéise a tharraingt suas (ina bhfuil na moltaí ó ionadaithe náisiúnta na sochaí sibhialta eagraithe) agus tuairimí féintionscnaimh (lena gcuirtear i dtábhacht na moltaí a eascraíonn as sin ó CESE ar phríomhthéama den Seimeastar Eorpach) ar bhonn comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta eagraithe sna Ballstáit; (2) comhairliúchán forleathan bliantúil leis an tsochaí shibhialta eagraithe a eagrú sna Ballstáit, sin trí chuairteanna a thabhairt ar thíortha agus ceistneoir a úsáid; (3) ceithre chruinniú den Ghrúpa ad hoc a thionól in aghaidh na bliana; (4) comhdháil bhliantúil den Ghrúpa ad hoc a eagrú le hionadaithe ó institiúidí Eorpacha, ó chomhairlí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, ó chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus ón tsochaí shibhialta agus ó eagraíochtaí ábhartha eile. Trína chuid gníomhaíochtaí, cuireann an Grúpa ad hoc le cáilíocht agus dlisteanacht phróisis an tSeimeastair Eorpaigh agus cuireann sé luach breise leis trí bhreis úinéireachta ar an bpróiseas a spreagadh ar leibhéal na mBallstát, trí thosaíochtaí a leagan amach ar bhealach níos fearr, trí chur chun feidhme níos éifeachtúla agus trí fheasacht náisiúnta a ardú. I gcomhréir leis sin, tá sé beartaithe ag an nGrúpa ad hoc leanúint dá chuid oibre tábhachtaí chun tuairimí beartais a bhailiú ó eagraíochtaí náisiúnta na sochaí sibhialta, agus iad a threorú agus a chur chun cinn trí na cuairteanna tíre agus na fóraim phlé náisiúnta rialta.

Chun na nuashonruithe is déanaí ar ghníomhaíochtaí an Ghrúpa ad hoc a fháil, féach na doiciméid atá liostaithe ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.

Downloads

  • End of mandate report 2023–2025 – Luca JAHIER, ESG president
  • End of mandate report 2020–2023 – Javier Doz Orrit, ESG president