European Economic
and Social Committee
Coiste Leantach AE-na Ríochta Aontaithe
Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2021. Go dtí sin, ba é Grúpa Faireacháin Brexit, comhlacht de chuid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, a bhí i gceannas ar fhaireachán a dhéanamh ar an bpróiseas caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe agus ar idirphlé sa tsochaí shibhialta a ullmhú le macasamhla na Ríochta Aontaithe. Agus é tiomanta don ról faireacháin atá aige agus ag gníomhú dó mar idirghabhálaí leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe, chinn CESE Coiste Leantach AE na Ríochta Aontaithe a bhunú chun leanúint den obair a rinne Grúpa Faireacháin Brexit, go háirithe tríd an gcaidreamh leis an tsochaí shibhialta sa Ríocht Aontaithe a chothú.
Cé gur fhág tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nár tharla Brexit gan chomhaontú, tá an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fós dúshlánach. Cibé rud a tharlóidh, tá ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta san Aontas maidir le naisc idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a thógáil/a atógáil agus leanfaidh sí den ról sin a bheith aici.
I bhfianaise chineál speisialta an chaidrimh agus an réimse leathan saincheisteanna atá faoi sainchúram an Choiste, is gá tosaíochtaí a leagan síos agus is iad seo a leanas na cuspóirí uileghabhálacha réasúnta simplí atá ag baint leo siúd:
- caidreamh láidir a thógáil agus a chothú le príomhghníomhaithe an chaidrimh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus, thar aon ní eile, naisc a atógáil le heagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Ríocht Aontaithe trí theagmháil agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leo;
- dul i gcomhairle le príomhinstitiúidí an Aontais (an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle) agus le gníomhaithe institiúideacha na Ríochta Aontaithe (Misean na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas Eorpach, Tithe Parlaiminte na Ríochta Aontaithe, rialtais dhíláraithe);
- faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe is ábhartha idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, go háirithe an Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;
- faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe eile agus ar réimsí ina bhféadfaí dul i mbun comhair;
- faireachán a dhéanamh ar aon ghné den chaidreamh nua idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint léi don tsochaí shibhialta;
- aiseolas ó CESE maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a chur i dtoll a chéile.