Coiste Comhairleach um an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

This page is also available in

Is cuid den chomhaontú maidir le LEE (Airteagal 96) é an Coiste Comhairleach um an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus cuireadh an Coiste ar bun nuair a tháinig an comhaontú i bhfeidhm in 1994. Déanann sé ionadaíocht ar fhostóirí, oibrithe agus gníomhairí eile ón tsochaí shibhialta i mBallstáit LEE. Ar na tíortha nach den Aontas Eorpach iad atá ina mbaill den Choiste tá an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Cuireann an Eilvéis breathnóirí ar fáil.

Ar an gCoiste tá ionadaithe ó CESE agus ó Choiste Comhairleach Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa. Tagann Coiste Comhairleach an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch i gceann a chéile uair sa bhliain.

Ag gach ceann dá chruinnithe, glacann an Coiste Comhairleach rúin agus tuarascálacha maidir le gnéithe éagsúla den mhargadh inmheánach agus maidir le forbairtí tábhachtacha sa Limistéar féin. Seoltar na rúin sin chuig Comhairle LEE mar eolas.